From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard é an tSean-Chlochaois nó an Ré Phailéiliteach ná an tréimhse réamhstairiúil de stair an duine, sonraithe ag forbairt bun-uirlisí cloiche, atá aimsithe againn,[1] agus a chlúdaíonn thart ar 99% de thréimhse réamhstair theicneolaíoch an duine. Síneann sí ón úsáid is luaithe d'uirlisí cloiche, is dócha ag homininí: mar shampla Australopithecine, 2.6 milliún bliain ó shin, go dtí deireadh na Pléisticéiní thart ar 10,000 RC.
Cineál | ré seandálaíochta tréimhse stairiúil cultúr | ||
---|---|---|---|
Cuid de | An Chlochaois agus an Éigipt Réamhstairiúil | ||
Tréimhse | 4 milliún bliain RCh - 13 mílaois "RCh" | ||
Codanna | |||
Fo-roinneadh an chlochaois i ré Phailéiliteach (seanchlochaois, tréithrithe le clocha scealptha) is ré Neoiliteach (nua-chlochaois, tréithrithe ag uirlisí snasta cloiche) ag an seandálaí Sasanach John Lubbock ina leabhar Prehistoric Times (Aoiseanna Réamhstairiúla, 1865). Tugadh an ré Mhéisiliteach ar an 5 mhílaois díreach i ndiaidh an mhóroighrithe seo caite (timpeall 10,000 bliain ó shin) ag an am sin freisin.
Leanann an Mhéisiliteach an Ré Phailéiliteach. Féadfaidh dáta na teorann Páiléilití-Méisilití a bhéith éagsúil, chomh mór le cúpla míle bliain, in ionaid éagsúla. Sa Sean-Chlochaois a bhí Éire fós faoi bhrait oighir ach iad ag cúlú de réir a chéile. Níl aon fhianaise, áfach, i leith daoine a bheith ag maireachtáil in Éirinn ag an bpointe seo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.