teanga Thuircice From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Tatairis (ainm dúchais: татар теле; татарча) ina teanga Tuirice a labhraíonn muintir Tatar i gceantar an Tatarstáin, Baiscíria, agus Nizhny Novgorod Oblast, sa tSibéir. Tá gaol aici leis an teanga ‘Crimean Tatar’, agus tá roinnt comhinthuigeacht idir eatarthu, ach níl siad ina teanga céanna.
татар теле | |
---|---|
Cineál | teanga bheo agus teanga nádúrtha |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 5,200,000 (2015) |
Dúchasach do | Baiscíria, Cúige Nizhny Novgorod, an Tatarstáin, Cúige Sverdlovsk, Cúige Ulyanovsk, Cúige Chelyabinsk, Moscó, Cúige Tyumen, Cúige Orenburg, Críoch Pherm, Cúige Shamara agus An Udmairt |
Stáit | an Rúis, an Tuirc, an tAontas Sóivéadach, an Pholainn, an Fhionlainn, an Rómáin, Daon-Phoblacht na Síne, an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Comhordanáidí | 55° 48′ N, 49° 07′ E |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teangacha Tuircice Common Turkic (en) Kipchak (en) Kipchak–Bulgar (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aibítir Choireallach, aibítir Laidineach, Yañalif (en) agus script Araibise |
Institiúid caighdeánaithe | Republic of Tatarstan Academy of Sciences Galimcan İbrahimov Institute of Language, Literature, and Art (en) |
Cóid | |
ISO 639-1 | tt |
ISO 639-2 | tat |
ISO 639-3 | tat |
Glottolog | tata1255 |
Ethnologue | tat |
ASCL | 4303 |
IETF | tt |
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: drochghramadach
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Scríobh Ramazan Baytimerov focail le haghaidh Amhráin Stáit Poblacht an Tatarstáin i 2013.
Éist le “Татарстан Республикасы Дәүләт гимны“ (nó “Tatarstan Respublikası Däwlät gimnı”, san aibítir Laidine)
Tá trí príomhchaúintí: Mişär (san iarthar), Kazan (sa lárcheantar), agus an chanúint Sibéarach (san oirthear). D’imríonn an Rúisis tionchar mór ar graimeadach agus friotail an teanga. Úsáidtear focail agus nathanna cainte Rúiseach in abairtí atá Tatair ó thaobh gramadach ach go háirithe in Kazan. Is é Gabdulkhay Akhatov ceann de na saineolaithe is mó ar ábhair teangeolaíocht Tatair.
Is teanga Tuirice í an Tatairis. Tá na teangacha Bulgar agus Kipchak mar shinsear an Tatairis, ach tá an dá ceann dóibh imithe in éag anois. Tá mionthionchar Arabach, Peirseach, agus Rúiseach le feiscint sa teanga freisin.
Labhraítear Tatairis Chrímeach sa Chrimé, ach is mó cosúileachtaí atá aici leis an Tuircis, de bharr ollthionchar an teanga sin uirthi.
Tá an teanga litríochta Tatairis bunaithe ar an lárchanúint (.i. Kazan) agus ar an tseanteanga, İske Tatar Tele. Is teangacha Kipchak atá iontu, ach d’imir an teanga Bulgar ársa ón Volga tionchar orthu freisin.
Labhraíonn timpeall 5.3 milliún daoine an teanga sa Rúis, agus tá sí le cloisteáil san an Úcráin, an tSín, an Fhionlainn, an Tuirc, agus An Úisbéiceastáin freisin, chomh maith le han-chuid tíorthaí eile. Tá níos mó ná 7 milliún daoine a labhraíonn an Tatar ar domhain.
Sa dhaonáireamh 2010, mhaíomh 69% den Tatair Rúisis go raibh an teanga ar eolas acu. Sa Tatarstáin í féin, d’ardaigh an ceatadán go dtí 93%. San oblast comharsan, Baiscíria, mhaíomh 67% na Tatair, 27% na Bhaisceartí, is 1.3% na Rúisigh go raibh cumas acu inti.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.