From Wikipedia, the free encyclopedia
Achtaíodh Acht na Leanaí, 1929[1] (nó Acht na Leanbhaí, the Childrens' Act) in Éirinn ar an 24 Iúil 1929.[2] Sna blianta ina dhiaidh sin, méadaíodh líon na leanaí a cuireadh i ngéibheann sna scoileanna saothair in Éirinn i lár an 20ú haois, trí leathnú a thabhairt isteach maidir leis an gcatagóir leanaí gurbh fhéidir a rá go raibh siad ar an anás, sa chaoi is gurbh fhéidir iad a chur isteach in áit dá leithéid sin.[3][4]
Cineál | acht parlaiminte | |||
---|---|---|---|---|
Dáta foilsithe | 24 Iúil 1929 | |||
Baint le limistéar údaráis | Saorstát Éireann | |||
Teanga an tsaothair nó an ainm | an Ghaeilge agus Béarla | |||
Obair iomlán ar fáil ag URL | irishstatutebook.ie… |
Bhí go leor páistí ann ar cuireadh chuig na Scoileanna Saothair iad nár mar thoradh ar na Cúirteanna, m.sh. atreorú ó Bhord Sláinte, Socrú Príobháideach, srl[8] suas go dtí tús na 1970idí (ag an am céanna, bhí cailíní agus mná á gcur isteach in ionaid Mhaigdiléana[9]).[10]
Ba fhurasta mí-úsáid a bhaint as an gcóras agus fágadh cuid mhór mí-úsáide gan tuairisciú ar feadh na mblianta. Bhí pionós corpartha inghlactha sna scoileanna agus tugadh íde béil do na leanaí go minic. Rinneadh mí-úsáid ghnéis ar pháistí ó am go ham. Aistríodh páistí go institiúidí in éadan thoil a muintire uaireanta.
Mar shampla in 2003, tugadh fianaise uafásach i gcoinne Maurice Tobin, Bráthair Críostaí, i measc daoine eile, a rinne ionsaithe gnéasacha ar bhuachaillí óga i scoil thionsclaíoch Leitir Fraic ar feadh cúig bliana is fiche.[7]
Gabhadh leithscéal oifigiúil in 1999. Craoladh sraith "States of Fear"[11] ar RTÉ le Mary Raftery[12] i mí Aibreáin agus Bealtaine 1999. Díreach roimh an gclár deireanach, ar an 11 Bealtaine 1999, bhí leithscéal thar ceann an stáit gafa ag an Taoiseach Bertie Ahern leis na hógánaigh agus teaghlaigh a d’fhulaing.[13][14]
Bunaíodh An Coimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú ar an 23 Bealtaine 2000 (de bhun an Achta um Choimisiún chun Drochúsáid Leanaí a Fhiosrú 2000) chun fiosrúchán a dhéanamh ar dhrochúsáid leanaí in institiúidí, agus i gcásanna inar deimhin leis go raibh drochúsáid, na cúiseanna, an nádúr, na himthosca agus an mhéid a bhaineann le drochúsáid den sórt sin a chinneadh.
Sna 2000idí, bhí na breithimh Mary Laffoy (go dtí 2003), agus ansin Seán Ryan[15] (Ó Riain), ina gcathaoirligh ar an gCoimisiún.[16] Foilsíodh an Tuarascáil Ryan sa bhliain 2009 maidir le feidhmiú an chórais scoileanna saothair.[17]
Ar an 25 Iúil 2012, ritheadh an tAcht um an gCiste Reachtúil Foras Cónaithe 2012.[18] Bunaíodh Ciste, Caranua, chun cúiteamh a dhéanamh i mí Dheireadh Fómhair 2013, más mall is mithid.[19] Íocann an Ciste as seirbhísí (mar shampla sláinte, tithíochta agus oideachais agus seirbhísí eile) do dhaoine (cé acu atá siad in Éirinn nó atá siad ar an gcoigríoch)
Cruthaíodh an ciste trí ranníocaíochtaí, a bhí níos mó ná €110 milliún san iomlán, ó na cuallachtaí reiligiúnacha a bhí freagrach, in éineacht leis an Stát, as na forais chónaithe ábhartha a ritheadh. Tá sé mar aidhm ag rialtais go roinnfí costas an leorghnímh iomláin do dhaoine ar tugadh drochúsáid orthu sna forais chónaithe (a mheastar gur €1.36 billiún é) ar bhonn caoga-caoga idir na cuallachtaí agus an Stát.[20]
Ós rud é gur ciste teoranta atá á riarú ag Caranua, tá sé ag tabhairt a chuid oibre chun críche de réir a chéile.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.