Vicipéideoir cónaithe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Vicipéideoir cónaithe nó Vicimeánoir cónaithe ná eagarthóir na Vicipéide (nó Vicimeánoir), a ghlacann socrúchán le hinstitiúid, de ghnáth dánlann (gailearaí ealaíne), leabharlann, cartlann, nó músaem (DLCM), cumann léinn, nó institiúid ardoideachais (mar ollscoil) chun altanna a fhoilsiú ar an Vicipéid a bhaineann le misean na hinstitiúide sin a éascú agus a spreagadh agus cuidiú léi ábhar a scaoileadh faoi cheadúnais oscailte, agus an caidreamh idir an óst-institiúid agus pobal na Viciméide a fhorbairt. De ghnáth cuidíonn Vicipéideoir cónaithe le himeachtaí for-rochtana nó seirbhísí teagmhála na Vicipéide idir an DLCM agus an pobal i gcoitinne mar eagartóin .
Cineál fostaíochta | Viciméideoir agus media professional (en) |
---|---|
Réimse oibre | Wikimedia movement (en) |
I measc na n-institiúidí a d’óstáil Vicipéideoir tá institiúidí móra cosúil le Leabharlann Náisiúnta na Breataine Bige, Músaem na Breataine,[1] an Institiúid Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, Leabharlann na Breataine, Institiúid Smithsonian,[2] an Royal Society of Chemistry [3] UC Berkeley,[4] Ollscoil Columbia,[5] Ollscoil Toronto, Leabharlann Náisiúnta na hIorua, agus Cartlann Chónaidhme na hEilvéise agus ionaid níos lú mar Mhúsaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus The New Art Gaillery Walsall [6] sa Ríocht Aontaithe; Pálás Versailles sa Fhrainc; an Museu Picasso sa Spáinn; agus Músaem Leanaí Indianapolis,[7] Gerald R. Ford Presidential Library,[8] agus an National Archives and Records Administration sna Stáit Aontaithe.