From Wikipedia, the free encyclopedia
Institiúid chultúrtha is ea Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby agus é suite in Derby, sa Ríocht Aontaithe. Bunaíodh Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby sa bhliain 1879, in éineacht le Leabharlann Lárnach Derby, i bhfoirgneamh nua arna dhearadh ag Richard Knill Freeman agus arna bhronnadh ar chathair Derby ag Michael Thomas Bass. I measc rudaí eile i mbailiúchán an mhúsaeim, tá gailearaí iomlán tugtha do phéintéireachtaí le Joseph Wright, arbh as Derby é. Tá le feiceáil ann freisin taispeántas mór earraí de chuid Royal Crown Derby agus de phoirceallán eile as ceantar Derby. Rannóga earraí eile sa mhúsaem ná an tseandálaíocht, an stair aiceanta, an gheolaíocht, agus an saol míleata. Osclaíodh an Gailearaí Ealaíne sa bhliain 1882.
Músaem agus Gailearaí Ealaíne Derby | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Derby Museum and Art Gallery | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Dánlann, iarsmalann mhíleata, músaem áitiúil agus músaem neamhspleách | |||
Cuid de | Derby Museums (en) | |||
Ailtire | Richard Knill Freeman | |||
Foirgníocht | 1879 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Cathair Derby, England | |||
Suíomh | The Strand | |||
| ||||
Foirgneamh liostaithe Ghrád II | ||||
Am | 24 Feabhra 1977 | |||
Aitheantóir | 1279006 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Comhairle Cathrach Derby | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | derbymuseums.org… | |||
Is síol faoi thíreolaíocht Shasana é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.