![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8c/Grossman_V.S.jpg/640px-Grossman_V.S.jpg&w=640&q=50)
Vasiliy Grossman
From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir agus comhfhreagraí cogaidh Sóivéadach de phór Ghiúdach a bhí i Vasiliy Semyonovich Grossman (Rúisis: Василий Семёнович Гроссман, Úcráinis: Василь Семенович Гроссман, Vasyl' Semenovych Hrossman).
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Василий Семёнович Гроссман ![]() |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ru) Иосиф Соломонович Гроссман ![]() 29 Samhain 1905 (Iúlach) Berdychiv (Impireacht na Rúise) |
Bás | 14 Meán Fómhair 1964 58 bliana d'aois Moscó (an tAontas Sóivéadach) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Áit adhlactha | Troyekurovskoye cemetery (en) ![]() ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit Moscó ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | comhfhreagraí cogaidh, úrscéalaí, scríbhneoir próis, scríbhneoir, iriseoir, innealtóir ![]() |
Tréimhse oibre | 1928 – |
Ball de | |
Teangacha | An Rúisis agus an Úcráinis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Fronta Thoir (An Dara Cogadh Domhanda) |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Yekaterina Vasilyevna Korotkova ![]() |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() |
Rugadh in Berdychiv (Rúisis: Berdichev, Polainnis: Berdyczów) san Úcráin é, agus bhain sé amach dintiúir an innealtóra. Chaith sé tamall ag obair ina innealtóir i gCrioslach Tionsclaíoch Donbass in Oirthear na hÚcráine. Ach sna 1930idí, chuaigh sé le scríbhneoireacht.
Nuair a phléasc an cogadh amach idir an Ghearmáin Naitsíoch agus an tAontas Sóivéadach, thosaigh sé ag obair ina chomhfhreagraí cogaidh do Krasnaya Zvezda (Красная Звезда nó "An Réalta Dhearg"), nuachtán na bhfórsaí armtha.
Thug sé tuairiscí ar chath Stalingrad, ar chosaint Mhoscó, ar chath Kursk agus ar an dóigh ar ghabh na fórsaí Sóivéadacha Beirlín i ndeireadh an chogaidh. Chonaic sé campa báis Treblinka le súile a chinn féin nuair a ghabh na trúpaí Sóivéadacha an áit, agus scríobh sé ailt faoin gcampa agus faoin drochíde a bhí tugtha do na príosúnaigh.
I ndiaidh an chogaidh, baineadh geit mhór as Grossman nuair a thosaigh Stailín ag baint leasa as an bhfrith-Ghiúdachas ina chuid bolscaireachta. Ní raibh Grossman chomh dóchasach as an gCumannachas ná as an stát Sóivéadach a thuilleadh. Níor caitheadh i dtóin phríosúin é. Ach nuair a rinne sé iarracht an dá úrscéal a scríobh sé i ndiaidh an chogaidh a fhoilsiú - Zhizn' i Sud'ba (Жизнь и Судьба nó "An Saol agus an Chinniúint") agus Vsyo techot (Всё течёт nó "Tá gach rud ag sní") - choigistigh na húdaráis státslándála iad.[1] Fuair Grossman le cloisteáil nach bhféadfaí iad a chur i gcló sa Rúis ach i gceann dhá chéad bliain.
Foilsíodh an dá leabhar sin san Aontas Sóivéadach faoi dheireadh sa bhliain 1988.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/6/68/Russia_EWCS_%E2%84%96149_Grossman_FD_cancellation.jpg/640px-Russia_EWCS_%E2%84%96149_Grossman_FD_cancellation.jpg)