![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bd/Breast_cancer_cell_%25282%2529.jpg/640px-Breast_cancer_cell_%25282%2529.jpg&w=640&q=50)
Ailse
From Wikipedia, the free encyclopedia
An ailse a thugtar ar ghrúpa de ghalair áirithe ina mbíonn cealla ag fás agus ag táirgeadh cóipeanna as smacht[1]. Galar is ea an ailse a fhéadfaidh a bheith marfach ina dtarlaíonn atáirgeadh neamhrialta i bhfíochán ar leith ionas go gcruthaítear siad sa cholainn[2].
![]() ![]() | |
Cineál | galar iomadaithe cheallaigh, neoplasma, siad agus galar ![]() |
---|---|
Eapainm | crab (en) ![]() ![]() |
Speisialtacht leighis | oinceolaíocht ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Cógais prednisolone (en) ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() | |
Pataigineas | |
Cúis | cúis ailse agus infectious causes of cancer (en) ![]() ![]() |
Éifeacht | pian ailse ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | C00-C97 ![]() |
ICD-9 | 199 ![]() |
ICD-O | 8000/3 ![]() |
CIAP | A79 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0087750 ![]() |
DiseasesDB | 28843 ![]() |
MedlinePlus | 001289 ![]() |
UMLS CUI | C0006826 ![]() |
DOID | DOID:162 ![]() |
Nuair is mall fás is leathadh an tsiada, is siad éadrom é, cosúil le faithní is baill dobhráin. Is siad urchóideach siad a leathann trí insíothlú isteach i bhfíocháin eile nó a théann isteach in imshruthú na fola, a neadaíonn is a fhásann siada (meiteastáiseanna) in áiteanna eile ar fud na colainne.
Is iomaí saghas ailse atá ann, agus is galair mharfacha iad cuid mhaith díobh. Tá níos mó ná 100 saghas ann, agus is cúis í le níos mó ná 30% de na básanna in Éirinn sa bhliain 2017.[3] Is é ailse ionrach an cineál ailse a d'fhéadfadh leathadh ón áit ar aimsíodh é i dtosach go dtí codanna eile den chorp.[4]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/35/Cancer_cells_%281%29.jpg/640px-Cancer_cells_%281%29.jpg)