From Wikipedia, the free encyclopedia
Clann Dhál Chais agus ríthe na hUrmhumhan ba ea Uí Chinnéide. Nia leis an Ardrí Brian Bóramha (1002–1014), ba ea a sinsear, Mathúin mac Donnchuain Ó Chinnéide, an chéad duine a ghlac an sloinne. Chinnéide mac Lorcáin, rí Tuadhmhumhain sa deichiú haois, ba ea athair Dhonnchuain agus Bhriain.[1]
Ba bhall iad Uí Chinnéide den chlann chumhachtach Dál gCais as Tuamhain, faoi cheannas Uí Bhriain. Bhí cónaí orthu in oirthear Chontae an Chláir, tuaisceart Luimnigh, agus tuaisceart Tiobraid Árann. Bhíodh lár Ionad acu ó dhúchais ag Glemor, gar do Chill Dalua, ach chuaigh siad trasna na Sionainne go hUrumhain i gContae Thiobraid Árann, agus clainne eile an cheantair (Uí Bhriain agus Mhic Conmara san áireamh) á gcur faoi bhrú sa 12ú haois. D'éirigh siad ina dtiarnaí Urumhan ón 11ú go dtí an haoiseanna.
I ndiaidh na Plá Móire, tharla athbheochan Gaelach i nÉirinn, óir gur bhuail níos measa an phlá na Normannaigh sna bailte móra. Ba í clann de Buitléir, Iarlaí Urmhumhan (teideal i dTiarnas na hÉireann), a bhí ina céile comhraic is mó Uí Chinnéide. Shínigh an dá chlann cinneadh síochána sa bhliain 1336, agus arís sa bhliain 1347. Briseadh an cinneadh nuair a rinne Uí Chinnéide agus a gcomhghuaillithe Éireannacha, Uí Bhriain agus Uí Chearbhaill, ruathar ar an Aonach agus dhóigh é. Cuir Uí Chinnéide an ruaig ar de Buitléir as Caisleán an Aonaigh sa bhliain 1391 agus lonnaigh siad ann (bhog de Buitléir go Caisleán Chill Chainnigh).
Bhí an chlann roinnte ina trí ghéag, luaite ag dath a gcuid gruaige: donn, fionn agus rua. Bhí Naomh Ruadhán Lothra ina chosantóir Uí Chinnéide Urumhan. Timpeall na bliana 1600, chuaigh géag den chlann ar imirce go dtí Contae Aontroma áit a fhaightear an-chuid Uí Chinnéide inniu.
Dar le Daithí Ó hÓgáin (comhollamh ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath), tá ginealach Uí Chinnéide ann de shliocht díreach Bhriain Bóramha:
Plandálaithe Uladh ba ea go leor Uí Chinnéide na hAlban, agus chuaigh cuid acu ar imirce ó thuaidh agus mheasc leis an gclann Ghaelach.
Is léir tionchair na clainne i logainmneacha sa cheantar amhail is: Cúil Uí Chinnéide agus Garraí Uí Chinnéide in Urumhan Uachtarach; agus Cill Ó gCinnéide i dTuamhain.
Bhí caisleáin Uí Chinnéide go léir suite gar don Aonach i gContae Thiobraid Árann. Is iad a leanas roinnt caisleán nó tógtha nó i silver ag Uíbh Chinnéide:
I dteannta leo siúd, tá caisleán le fáil ag: Gleann na hEilte, Béal Átha Chléibh, Baile an Gharraí, An tEanach, Baile Uí Chuirc, Coill Uí Chairín, Ráth Durlais agus Castle Otway.
Machaire dubh, trí chlogad cliathánach airgid.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.