Tytonidae
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceann den dá fhine de na Strigiformes is ea na Tytonidae', na Strigidaean is ea an ceann eile. Is éin mheánacha go mhóra iad le cinn mhóra agus aghaidheanna sainiúla croíchruthacha. Tá cosa fada láidre acu le gríobha cumhachtacha. Tá siad difriúil freisin ó na Strigidae i mionsonraí struchtúracha a bhaineann go háirithe leis an steirneam agus na cosa.[1]
scréachóg reilige | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Aves |
Ord | Strigiformes |
Fine | Tytonidae Scopoli, 1769 |
Tyto alba Temporal range: Late Eocene to present | |
---|---|
Australian masked owl (Tyto novaehollandiae) | |
Scientific classification | |
Ríocht: | Animalia |
Fíleam: | Chordata |
Aicme: | Aves |
Ord: | Strigiformes |
Fine: | Tytonidae Ridgway, 1914 |
Genera | |
Tyto Phodilus I gcomhair na ngéineas iontaise, féach an t-alt. | |
Synonyms | |
|
Is fine fhairsing iad na Tytonidae, cé go bhfuil siad as láthair ó thuaisceart Mheiriceá Thuaidh, ón Afraic Shahárach, agus ó cheantair mhóra san Áise. Tá cónaí orthu i raon leathan gnáthóg ó fhásach go foraoisí, agus ó chriosanna measartha go trópaicí. Is beag eolas atá againn ar fhormhór na speiceas beo. Is ar éigean a chonacthas nó a ndearnadh staidéar ar chuid acu, cosúil leis an ulchabhán dearg, ó fuarthas iad, i gcodarsnacht leis an scréachóg reilige choitianta, atá ar cheann de na speicis ulchabháin is cáiliúla ar domhan.
Mar sin féin, b’fhéidir gur speicis ar leithligh iad roinnt fospeicis den scréachóg reilige, ach is beag atá ar eolas againn fúthu.
Tá cúig speiceas den scréachóg reilige faoi bhagairt, agus tá roinnt speiceas oileáin díofa le linn
na Tréimhse Holaicéiní nó níos luaithe (m.sh. <a href="https://en.wikipedia.org/wiki/Tyto_pollens" rel="mw:ExtLink" title="Tyto pollens" class="cx-link" data-linkid="97">Tyto pollens</a>, ar eolas ó thaifead iontaise ón Oileán Andros sna Bahámaí, agus b’fhéidir bunús an Chickcharnie miotasach [2]). Den chuid is mó is éin oíche na scréachóga reilige, agus neamhimirceach den chuid is mó, ina gcónaí i mbeirteanna nó ina n-aonar.