![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/32/1997_278-13_Sahara.jpg/640px-1997_278-13_Sahara.jpg&w=640&q=50)
Fásach
From Wikipedia, the free encyclopedia
I dtíreolaíocht, is éard atá i bhfásach ná sórt tíre nó réigiún a fhaigheann an-bheagán titim uisce. Tugtar gaineamhlach ar fhásach atá déanta as gaineamh. Mar gheall ar seo, bíonn an cháil ar fhásaigh nach féidir leo mórán beatha a choinneáil. I gcomparáid le réigiúin níos fliche féadann seo a bheith fíor, ach nuair a scrúdaítear níos doimhne iad, is minic a chosnaíonn na fásaigh saibhreas beatha a fhanann i bhfolach (go háirithe i rith an lae) chun taiseacht a choinneáil. Is fásach tuairim agus trian de dhromchla an domhain.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/32/1997_278-13_Sahara.jpg/640px-1997_278-13_Sahara.jpg)
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/9/93/ValleLuna-002.jpg/640px-ValleLuna-002.jpg)
I bhfásach, bíonn a lán plandaí ar féidir leo uisce a choinneáil ar feadh blianta le héabhlóid. Bíonn craiceann céireach trom orthusan, agus stór mór uisce ina nduilliúr trom. Feictear é seo le cachtaisí, aigéiv agus aló íceach, mar shamplaí, ar nós plandaí áirithe cois mara in Éirinn, a chaitheann t-uisce a choinneáil nuair a imíonn an uisce tríd an ghaineamh go mear.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/08/Judea_2_by_David_Shankbone.jpg/640px-Judea_2_by_David_Shankbone.jpg)
![]() | Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |