Trombóis dhomhainfhéitheach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Téachtán fola i bhféitheacha doimhne na gcos is ea trombóis dhomhainfhéitheach.[1][2] Ní bhíonn sí marfach inti féin, ach má ghluaiseann an trombóis suas chuig an gcroí, féadfaidh sí cuid d'artaire corónach a chosc agus taom marfach croí a thosú. Féadfaidh sí dul isteach in artaire inchinne chun tús a chur le stróc.
Cineál | trombóis fhéitheach |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht |
Aicmiú | |
ICD-10 | I80.2 |
ICD-9 | 453.40 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 3498 |
MedlinePlus | 000156 |
eMedicine | 1911303 |
Patient UK | deep-vein-thrombosis-pro |
Féadfaidh sí dul isteach in artaire sna scamhóga chun a n-éifeacht a laghdú agus tús a chur le taom croí.
Meastar go n-éascaíonn eitiltí fada ar eitleán an téachtadh is bun leis. Ní haon chabhair go mbíonn paisinéir fáiscthe róghar don suíochán os a chomhair amach is na cosa gan bogadh ar feadh i bhfad, go mór mór má thiteann sé ina chodladh.
Bíonn an t-aer sa chábán tirim, rud a bhaineann uisce, mar allas is gal san anáil, as an gcolainn, a thiubhaíonn an fhuil, agus a éascaíonn an téachtadh fola freisin. Go minic ní bhíonn an gnáthchodán ocsaigine san aer céanna, agus ní maith é sin ach an oiread.
Déanann ól alcóil an scéal níos measa fós. Is fearr má bhogann an paisinéir a chosa ó am go chéile, nó má shiúlann sé mórthimpeall an chábáin anois is arís. Cabhraíonn dáileog bheag aspairín sa ghnó cosanta seo, agus uisce úr a ól.[3]