Téachtadh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is téachtadh ann ná próiseas an-chasta trína téachtann fuil agus ina gcruthaítear téachtáin fola. Is cuid thábhachtach é den haemastáis, ina scoirtear an chaillteanais fola ó shoitheach fola a bhíonn damáiste, nuair a chumhdaítear balla an tsoithigh damáiste le pláitíní agus fibrin inthuslagtha chun stop a chur leis an bhfuiliú agus tús a chur leis an soitheach a dheisiú.
Cineál | haemastáis agus téachtadh |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0091395 agus 0091398 |
MeSH | D001777 |
UMLS CUI | C0005778 |
Is féidir baol méadaithe fuiliú (rith fola) nó téachtadh bacúil (trombóis) bheith ina thoradh ar neamhoird téachta.
Bíonn an téachtadh ardchaomhnaithe ar fud na bitheolaíochta; i ngach mamach, agus baineann sé le chomhphárt cheallach (pláitín) agus [próitéin|phróitéineach]] (fachtóir téachta fola) araon. Bhí an taighde is mó déanta ar an gcóras i ndaoine agus dá réir sin tá an tuiscint is fearr againn air dá bhrí sin.
Tosaíonn an téachtadh díreach tar éis gortú an tsoithigh fola, má déantar damáiste do líneáil intéiliach an tsoithigh. Cuireann teagmháil na fola le fhíochán gortaithe, ar nós mar shampla, fachtóir fíochánach, tús le hathruithe ar phláitíní fola agus ar an phlasmaphróitéin fibrinigin, fachtóir téachta fola. Déanann na pláitíní plocóid láithreach ag suíomh na díobhála; tugtar haemastáis phríomhúil ar seo. Tarlaíonn haemastáis thánaisteach ag an am céanna: freagraíonn próitéiní sa bhfuilphlasma, ar a dtugtar fachtóirí téachta, i gcascáid chasta chun snáitheanna fibrin a dhéanamh, a neartaíonn an téachtán fola.