From Wikipedia, the free encyclopedia
Is banna rac-cheoil é The Rolling Stones, a bunaíodh i Sasana sa bhliain 1963. Bhain an grúpa rath mór amach ar dtús sna 1960idí, agus tá siad ag seinm le chéile fós.[1]
Bunaíodh an banna i Londain sa bhliain 1962, nuair a bhuail Mick Jagger agus Keith Richards le Brian Jones. Cairde scoile ab ea Jagger agus Richards. B'é Jones a roghnaigh ainm an bhanna, tar éis líne i amhrán de chuid Muddy Waters.
Thosaigh siad an banna nua le Jagger ag canadh, Richards ag seinm an ghiotáir, Jones ag seinm an ghiotáir freisin agus ag canadh, Ian Stewart ag seinm an pianó, Mick Avery (r Tony Chapman i 1963) ar na drumaí agus Dick Taylor ag seinm an dhord-ghiotár. Bhí gig acu, agus fógraíocht "The Rollin' Stones", don chéad uair sa Marquee Club i Londain ar 12 Iúil 1962.
D'fhág Taylor tar éis tamaill chun staidéar a dhéanamh, agus tháinig Bill Wyman isteach ina áit.
Thosaigh siad ag seinm amhráin ó Chuck Berry, Muddy Waters, Bo Diddley agus na ceoltóirí eile a bhí cáiliúil ag an am. Sheinn siad go minic ag an gClub Marquee i Londain, agus d'fhás a lucht leanúna go tapa. Tháinig The Beatles chun iad a fheiceáil freisin uair amháin sa chlub seo.
Ag an am seo, b'é Jones an príomh-chumadóir sa bhanna. Ach tar éis tamaill, thosaigh Jagger agus Richards ag scríobh le chéile freisin. Fuair siad bainisteoir nua, Andrew Loog Oldham, agus shínigh siad conradh le Decca Records.
Theip ar shláinte Brian Jones agus i 1969. Meisceoir ba ea é agus bhí na baill eile den tuairim gur méiseálaí ba ea é i ndeireadh na dála. Iarradh ar Jones an banna a fhágáil. Cúpla seachtain níos déanaí, ar an 3 Iúil, báthadh é tar éis drugaí agus alcól a thógáil.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.