Teangacha Iaránacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Brainse d'fhine na dteangacha Ind-Eorpacha is ea na teangacha Iaránacha, agus iad á labhairt sa Mheán-Oirthear agus i Lár na hÁise. Le bheith beacht, is foghrúpa iad den bhrainse Ind-Iaránach iad, in éineacht leis na teangacha Ind-Áireacha.
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Ind-Iaránacha | |
Tréithe | |
Staidéar ag | Iranian studies (en) |
Cóid | |
ISO 639-2 | ira |
ISO 639-5 | ira |
ASCL | 41 |
Linguist List | iran |
IETF | ira |
Tá na teangacha seo ainmnithe as an Iaráin, nó is í an Pheirsis an teanga is líonmhaire cainteoirí acu, agus í ina teanga oifigiúil san Iaráin. Thairis sin, tá teangacha de chuid an ghrúpa seo á labhairt san Iaráin leis na cianta cairbreacha anuas. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil baint ag na teangacha Iaránacha go léir leis an Iaráin, nó gur teangacha Iaránacha iad na teangacha uilig a labhraítear san Iaráin. Le fírinne, is teanga Thuirceach í an Asarbaiseáinis, atá á labhairt go forleathan i dTuaisceart na hIaráine.
In éineacht leis na teangacha Ind-Áireacha, fáisceadh na teangacha Iaránacha as an bprótaitheanga ar a dtugtar Próta-Ind-Iaráinis nó Réamh-Ind-Iaráinis. Tugann fianaise na seandálaithe le fios go raibh a leithéid ann agus comhchultúr na bPróta-Ind-Iaránach timpeall dhá mhíle bliain roimh bhreith Chríost. Thit an tseanteanga seo as a chéile ina dhiaidh sin, agus rinneadh ceithre fhoghrúpa de:
- na teangacha Ind-Áireacha
- na teangacha Iaránacha
- na teangacha Dardacha
- na teangacha Núrastánacha.
Is í an Aivéistis an teanga Ind-Iaránach is sine a d'fhág fianaise scríofa ina diaidh. Is í teanga ársa, naofa an tSorastrachais í.
Is féidir na seanteangacha Iaránacha a dheighilt ina dhá bhfoghrúpa, mar atá, an grúpa Iartharach agus an grúpa Oirthearach. Roinntear teangacha Iaránacha an Iarthair ina dhá bhfobhrainse fós, mar atá, na teangacha Iaránacha Iar-Thuaisceartacha agus na cinn Iar-Dheisceartacha. Sa ghrúpa Oirthearacha atá an tSogdais, an teanga Khwarezmi, an teanga Saka, agus an Aivéistis (an tSean-Bhaictris). Sa chraobh iarthuaisceartach atá an Mhéidis, agus is ball den ghrúpa iardheisceartach í an Pheirsis. Tá go leor inscríbhinní fágtha againn sa tSean-Pheirsis, agus iad scríofa i litreacha dingchruthacha.