Seanteanga Oir-Iaránach is ea an Aivéistis[1] a bhí á scríobh san Iaráin ocht gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Is í an Aivéistis teanga an leabhair Aivéasta, arb é scrioptúr naofa an tSóróstarachais é. Is iad na Gataí an chuid is sine den Aivéasta, agus iad scríofa i dteanga ar a dtugtar Sean-Aivéistis. Creidtear gurb é Sorastar, bunaitheoir an reiligiúin, féin a chum na Gataí, agus tá an teanga iontu chomh seanársa go bhfuil sí níos cosúla leis an tSanscrait ná leis na teangacha Iaránacha eile. Tá an chuid eile den Aivéasta cumtha i leagan níos deireanaí den teanga chéanna, ar a dtugtar Aivéistis Óg. Is dócha go bhfuil an Aivéistis Óg an-chóngarach don chineál teanga a labhraítí in Oirthear na hIaráine faoin am ar cumadh an leabhar féin. Níos deireanaí fós, bhítí ag cumadh téacsaí i leagan truaillithe den Aivéistis Óg nach raibh á labhairt go nádúrtha ag aon duine a thuilleadh. Is gnách "Aivéistis Óg Shaorga" a thabhairt ar an gcineál seo Aivéistise. Ba í teanga liotúirgeach na sagart Sorastrach í.

Tagairtí

Naisc sheachtracha

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.