![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4f/IndoEuropeanTree.svg/langga-640px-IndoEuropeanTree.svg.png&w=640&q=50)
Na teangacha Ind-Eorpacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iad na teangacha Ind-Eorpacha an fhine teangacha is forleithne ar domhan. Labhraítear na teangacha seo san India, san Iaráin, ar fud na hEorpa agus i lár na hÁise, ach thairis sin, tá cuid de na teangacha scaipthe ar fud an domhain, agus iad á n-úsáid go forleathan mar chomhghuaillithe sa chumarsáid idir cainteoirí neamhdhúchasacha. Meastar go labhraíonn trí bhilliún duine ar domhan inniu teanga éigin den fhine seo.
![]() | |
Cineál | fine teangacha |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 2,700,000,000 |
![]() | |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna | |
Cóid | |
ISO 639-2 | ine |
ISO 639-5 | ine |
ISO 639-6 | ineu |
Glottolog | indo1319 |
Linguist List | ieur |
IETF | ine |
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/aa/IE_countries.png/640px-IE_countries.png)
██ Tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag formhór an daonra
██ Tíortha ina bhfuil teangacha Ind-Eorpacha á labhairt ag mionlach an daonra, agus stádas oifigiúil ag an teanga atá i gceist
██ Tíortha nach bhfuil ach mionlach sainbhríoch iontu a labhraíonn teangacha Ind-Eorpacha, agus níl stádas oifigiúil ag an teanga atá i gceist
Bhí réamhtheachtaí coitianta na teangaí siad go leor, an Próta-Ind-Eorpach. Ní raibh teanga scríofa é riamh, ach is féidir é a athchruthú ó fianaise de na teangaí Ind-Eorpacha beo.
Roinntear an fhine ina hocht bhfoghrúpa, mar atá, na teangacha Ind-Iaránacha, na teangacha Airméanacha, na teangacha Gréagacha, na teangacha Albánacha, na teangacha Baltach-Shlavacha, na teangacha Gearmáinice (nó na teangacha Gearmánda), na teangacha Ceilteacha, agus na teangacha Iodálda.
Tá dhá theanga dhéag den teaghlach teangacha Ind-Eorpacha le fáil i measc na fiche teanga is forleithne ar domhan, mar atá, Spáinnis, Béarla, Hiondúis, Portaingéilis, Beangáilis, Rúisis, Gearmáinis, Maraitis, Fraincis, Iodáilis, Puinseáibis agus Urdúis. Tá daonra iomlán na dteangacha seo os cionn 1.6 billiún duine.
Agus, ar ndóigh, is teanga Ind-Eorpach í an Ghaeilge féin; is ceann de na teangacha Ceilteacha.