An Ghearmáinis
teanga Gearmáinice iartharach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Ghearmáinis (nó an Almáinis, mar a thug Amhlaoibh Ó Súilleabháin ar an teanga; Gearmáiltis an leagan a bhíonn ag scríbhneoirí Ghaeilge Uladh uaireanta) teanga náisiúnta na Gearmáine agus na hOstaire. Deutsch a thugann lucht labhartha na teanga féin uirthi. Tá sí ar cheann de theangacha oifigiúla na hEilvéise, chomh maith leis an bhFraincis, an Iodáilis agus an Réata-Rómáinis. Tá stádas oifigiúil aici i Lucsamburg chomh maith, in éineacht leis an bhFraincis agus an Lucsambuirgis, agus sna ceantair Bheilgeacha atá suite in aice leis an nGearmáin.
Deutsch | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 76,540,740 (2019) |
Dúchasach do | Gearmánaigh, an Ostair, Karlovy Vary Region (en) , Ústí nad Labem Region (en) , an Ghearmáin, Trentino-An Tioróil Theas agus Trentino |
Stáit | an Ghearmáin, an Ostair, an Bheilg, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Iodáil, Lichtinstéin, Lucsamburg, an Pholainn, an Eilvéis agus an Fhrainc |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair South Germanic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir na Gearmáinise agus aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Council for German Orthography (en) agus Leibniz Institute for the German Language (en) |
Staidéar ag | German studies (en) agus teangacha diagachta |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | de |
ISO 639-2 | deu |
ISO 639-3 | deu |
Glottolog | stan1295 |
Ethnologue | deu |
ASCL | 1301 |
IETF | de |
Ós teanga Gearmáinice í an Ghearmáinis, tá gaol cuibheasach dlúth aici leis an mBéarla, cé nach bhfuil an Béarlóir in ann mórán adhmaid a dhéanamh den Ghearmáinis i ndiaidh an oiread craiceann a chuir stór focal an Bhéarla de faoi thionchar na Laidine agus na sean-Fhraincise. Tá sé níos fusa comhchosúlacht na Gearmáinise agus na hOllainnise a aithint, mar shampla.