Is nós imeachta anailíseach é an tástáil lasrach a úsáidtear sa cheimic chun láithreacht dúl áirithe a bhrath, iain mhiotail go príomha, bunaithe ar speictream astaíochta gach dúil. Braitheann dath na lasracha i gcoitinne ar theocht.
Tástálacha lasair do mhiotail
Is féidir tabhairt ar an chuid is mó de na dúile solas a astú, agus nuair a dhéanann siad tá an solas ar dhath atá ina shaintréith den dúil áirithe sin. Is minic a úsáidtear an solas a astaíonn dúil mar bhealach chun na dúile sin a aithint. Ceann de na bealaí is simplí chun solais a astú as adaimh mhiotail is ea salann an mhiotail a théamh i lasair. Caithfear salainn ó go leor miotal a théamh go teocht an-ard, ach iad siúd atá thíos liostaithe, is féidir solas a astú uathu nuair a théitear iad le dóire Bunsen. Tá clóirídí miotail oiriúnach go háirithe le haghaidh an chuspóra seo toisc go mbíonn siad níos so-ghalaithe de ghnáth ná salainn miotail eile. Tá salainn (na clóirídí más féidir) de na miotail seo a leanas oiriúnach: litiam, sóidiam, potaisiam. cailciam. nicil, copar. strointiam, bairiam.
Modh oibre
1. Glan sreang phlatanaim nó niocróim trídan tsreang a thumadh i aigéad hidreaclórach tiubhaithe (atá i bhfeadán tástála beag nó ar chlog-ghloine) agus ansin é a théamh dearg nó bán te in imeall lasrach Bunsen neamh-lonrúil. Ná húsáid an buidéal aigéid chun na críche seo mar go mbeadh an t-aigéad éillithe. Athdhéan an nós imeachta arís go dtí nach dtugann an sreang aon dath dearg don lasair.
2. Tum an tsreang in aigéad hidreaclórach tiubhaithe agus ansin i sampla beag de shalann na miotail a bhéas curtha faoi imscrúdú. Téigh an tsreang sa lasair bunsen agus tabhair ar aird dath na lasrach.
3. Scrúdaigh an oiread salainn atá ar fáil. Fág an salann sóidiam go dtí go deireanach mar tá dath a lasair an-mharthanach agus féadann sé fanacht i bhfad tar éis an salann a bhaint den lasair.
4. Ullmhaigh cairt de na torthaí, ag liostáil an miotail, agus dath na lasrach a a tugadh faoi deara.
Dúile coitianta
Is iad seo a leanas roinnt dúl coitianta agus na dathanna comhfhreagracha:
Siombail | Ainm | Dath | Íomhá |
---|---|---|---|
Al | Alúmanam | Bángheal, i dteochtaí an-ard ar nós stua leictreach, bánghorm | |
As | Arsanaic | Gorm | |
B | Bórón | Gléghlas | |
Ba | Bairiam | Gealghlas/úllghlas | |
Be | Beirilliam | Bán | |
Bi | Biosmat | Gormghlas | |
Ca | Cailciam | Donnrua, fionnghlas mar a fheictear é trí ghloine gorm. | |
Cd | Caidmiam | Donnrua | |
Ce | Ceiriam | Buí | |
Co | Cóbalt | Gealbhán | |
Cr | Cróimiam | Gealbhán | |
Cs | Caeisiam | Gormvialait | |
Cu(I) | Copar(I) | Gormuaine | |
Cu(II) | Copar(II) (neamh-hailíd) | Uaine | |
Cu(II) | Copar(II) (hailíd) | Gormuaine | |
Ge | Gearmáiniam | Gealghorm | |
Fe(II) | Iarann(II) | Ór, nuair a bhíonn sé an-te cosúil le stua leictreach, gealghorm gorm, nó uaine ag casadh go buídhonn | |
Fe(III) | Iarann(III) | Buídhonn | |
Hf | Haifniam | ||
Hg | Mearcair | Dearg | |
In | Indiam | Indeagó /Gorm | |
K | Potaisiam | liathchorcra; dofheicthe trí ghloine gorm cóbailt (corcra) | |
Li | Litiam | Corcairdhearg; dofheicthe trí ghloine ghlas | |
Mg | Maignéisiam | (ceann ar bith mar gheall ar chiseal Ocsaíd Mhaignéisiam), ach don mhiotal Mg a dhiandhó, dath lonrach bán le feiceáil. white | Bán |
Mn(II) | Mangainéis(II) | Glasbhuí | |
Mo | Molaibdéineam | Glasbhuí | |
Na | Sóidiam | Intense yellow; invisible through cobalt blue glass | |
Nb | Niaibiam | Uaine nó gorm | |
Ni | Nicil | Airgeadgheal (uaireanta tuairiscítear go bhfuil sí gan dath) | |
P | Fosfar | bánghormghlas | |
Pb | Luaidhe | Gorm/bán | |
Ra | Raidiam | Corcairdhearg | |
Rb | Rubaidiam | GDarg-vialait | |
Sb | Antamón | Bánuaine | |
Sc | Scaindiam | Flannbhuí | |
Se | Seiléiniam | Gormuaine | |
Sn | Stán | Bánghorm | |
Sr | Strointiam | Corcairdhearg go scarlóid, buí trí ghloine uaine agus vialait trí ghloine chóbailt goirme | |
Ta | Tantalam | Blue | |
Te | Teallúiriam | Bánuaine | |
Ti | Titanium | Bángheal | |
Tl | Tailliam | Fíoruaine | |
V | Vanaidiam | Glasbhuí | |
W | Tungstan | Uaine | |
Y | Itriam | Cairmín, Corcairdhearg, nó Scarlóid | |
Zn | Sinc | Gan dath (tuairiscítear uaireanta mar ghormuaine) | |
Zr | Siorcóiniam | Éadromdhearg |
Ní tháirgeann ór, airgead, platanam, pallaidiam, agus roinnt dúl eile dath saintréitheach nalasrach, cé go bhféadfadh cuid acu spréacha a tháirgeadh (mar a dhéanann tíotáiniam miotalach agus iarann); Tuairiscítear go bhfágann salainn beirilliam agus ór ar fhuarú, miotal íon ina ndiaidh.
Féach freisin
- Tine dhaite
- Speictream astúcháin
- Fótóiméadar lasrach fótaileictreach
- Anailís chineáil neamhorgánach
- Speictreascópacht astúcháin adamhaigh le plasma cúpláilte go hionduchtach
Naisc sheachtracha
- -Group 1 flame tests.
- Flame Test - Coloring Fire Curtha i gcartlann 2014-11-21 ar an Wayback Machine -Pictiúir de roinnt tástálacha lasracha, lena n-áirítear treoracha.
- WebMineral.com - Dathú lasrach de réir dúile.
- Flame tests for metal ions. https://www.bbc.co.uk/bitesize/guides/z9nr6yc/revision/1
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.