![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/f/fe/Robert_Mugabe%252C_12th_AU_Summit%252C_090202-N-0506A-417.jpg/640px-Robert_Mugabe%252C_12th_AU_Summit%252C_090202-N-0506A-417.jpg&w=640&q=50)
Robert Mugabe
ceann rialtais na Siombáibe / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba ceann rialtais na Siombáibe é Robert Gabriel Mugabe (21 Feabhra 1924 - 6 Meán Fómhair 2019), ó 1980 go dtí 2017. Bhí sé ina phríomh-aire ar dtús, agus ina uachtarán níos déanaí.
Chuir cuid mhór anailíseoirí i leith Mugabe gurbh deachtóir é, ach bhí tacaíocht láidir aige fós ina thír fhéin agus san Afraic. Bhí an ráta boilscithe is measa ar domhan ag an tSiombáib faoi a réim agus tá an geilleagar ag titim as a chéile. Bhí an páirtí freasúra, an Movement for Democratic Change nó MDC á cur faoi chois go rialta ag póilíní an stáit. Fuair ceannaire an pháirtí siúd, Morgan Tsvangirai, buaileadh trom ó na póilíní at 11 Márta 2007. Dúirt easpaig Caitliceacha na tíre gurbh réimeas ciníoch, éillitheach agus aindleathach é rialtas Mugabe.
Bhuaigh Tsvangirai toghchán na huachtarántachta ar 29 Márta 2008 ach ní raibh móramh sách mór aige le dul i gcomharbacht ar Mugabe de réir na dtorthaí (a thóg 5 seachtain le foilsiú). De réir na rialacha bhí gá le toghchán eile idir na beirte. Rinneadh ionsaí ar Tsvangirai agus a lucht leanúna san idirlinn agus d'fhógair sé ar 22 Meitheamh go raibh sé ag éirí as an toghcháin ar mhaithe le sábháilteacht a lucht leanúna. Ritheadh an toghchán dá uireasa ar 27 Meitheamh agus atoghadh Mugabe mar uachtarán.
Ar 15 Samhain 2017, chuir Arm na Siombáibe an phríomhchathair faoina smacht agus cuireadh Robert Mugabe faoi bhraighdeanas baile.[1]