From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceann de na cathracha is sine san Fhionlainn í Rauma (Sualainnis: Raumo) atá suite chois Mhuir na Bóitne, an chuid lárnach de Mhurascaill na Bóitne idir an Fhionlainn agus an tSualainn. Is iad na cathracha agus na ceantair thuaithe ina timpeall ná Pyhäranta, Laitila, Eurajoki agus Eura.
Rauma | |||||
---|---|---|---|---|---|
Rauma (fi) Raumo (sv) | |||||
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhionlainn | ||||
Regional State Administrative Agency (en) | South-Western Finland Regional State Administrative Agency (en) | ||||
Réigiún de chuid na Fionlainne | Satakunta | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 38,832 (2023) | ||||
• Dlús | 78.22 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhionlainnis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | Rauma sub-region (en) | ||||
Achar dromchla | 496.43 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Kodisjoki, Lappi agus Rauman maalaiskunta | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Rauma City Council (en) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | rauma.fi | ||||
Bunaíodh Rauma sa bhliain 1442. Inniu, tá timpeall ar 40,000 duine ina gcónaí ansin. Tá iarsmaí áirithe ón Meánaois le feiceáil i Rauma - go háirithe Eaglais na Croise Ró-Naofa (Pyhän Ristin kirkko) agus fothracha Eaglais na Tríonóide Ró-Naofa (Pyhän Kolminaisuuden kirkko) - ach is é Vanha Rauma ("Sean-Rauma"), an chuid is sine den chathair, an radharc is mó a tharraingíonn turasóirí go Rauma ar na saolta seo, nó tá tithíocht adhmaid an tseancheantair aicmithe mar chuid den oidhreacht dhomhanda ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.
Dar leis na Fionlannaigh, áfach, is í canúint na cathrach an rud is suntasaí faoi Rauma. Labhraíonn muintir Rauma canúint ina bhfágtar cuid mhór d'iarmhíreanna na bhfocal ar lár, agus í breac le hiasachtaí Sualainnise agus, fiú, Béarla a tháinig ó bhéarlagair na mairnéalach. Tá an chanúint seo - ar a dtugtar "teanga Rauma", nó Rauma giäl sa "teanga" féin (Rauman kieli a déarfaí i bhFionlainnis chaighdeánach) - á saothrú ag scríbhneoirí inniu féin, ach ba é Hj. Nortamo (fíorainm: Frans Hjalmar Nordling, 1860-1931) an scríbhneoir a bhunaigh traidisiún liteartha na "teanga".
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.