From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Parlaimint na hEorpa institiúid pharlaiminteach dhírthofa an Aontais Eorpaigh.[1]
Tá trí phríomhchumhacht ag an bParlaimint:
Cuireadh i leith na parlaiminte ar feadh i bhfad nach raibh inti ach seomra mór comhrá agus nach raibh aon chumhacht phraiticiúil nó thábhachtach aici. Tá iliomad ábhar nach bhfuil aon chumhacht ag an Aontas ina leith – sláinte agus cáin, mar shampla – mar nach bhfuil rialtais na mballstát sásta cumhacht a thabhairt ar láimh don Aontas. Fágadh, mar a dhéantar i gcónaí, in go leor réimsí d’obair an Aontais na cinntí crua faoi Chomhairle na nAirí agus is fúthu sin a bhíonn sé athruithe móra polasaí a phlé, bunaithe ar mholtaí ón gCoimisiún.[2]
Tá forbairt tagtha air sin freisin i rith na blianta mar gur thuig ceannairí polaitiúla an Aontais go gcaithfidís a bheith in ann a rá go raibh cumhacht ag bParlaimint. Corruair ó bunaíodh í tá leas bainte ag an bParlaimint as na cumhachtaí is mó atá aici. Dhiúltaigh sí faoi dhó do na moltaí buiséid a cuireadh faoina bráid agus go deimhin d’éirigh an Coimisiún faoi cheannas Jacques Santer as oifig i ndeireadh na nóchaidí mar thoradh ar easaontas leis an bParlaimint faoin mbuiséad.[2]
Tá iarrachtaí go leor déanta i rith na mblianta ag maorlathas an Aontais tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Aontas agus na cumhachtaí sin a chur sa gcaoi go gcuirfeadh pobal an Aontais suim in obair na Parlaiminte. Comhréiteach agus comhaontú an modh oibre atá ag an Aontas. Ach ciallaíonn sé go mbíonn sé deacair go minic dul chun cinn a dhéanamh nuair a bhíonn tuairimí agus polasaithe ó sheacht gcinn fhichead de thíortha la cur san áireamh.[2]
Nuair a bunaíodh an comhphobal sna caogaidí cinneadh go mbeadh comhthionól ar cheann de na hinstitiúidí. Bheadh na ballstáít freagrach as na toscairí chun an chomhthionóil a cheapadh. In imeacht na mblianta rinneadh cáineadh fíochmhar ar an gcomhthionól mar gheall ar an easpa daonlathais a bhain leis, a dúradh.[2]
De réir mar a tháinig forbairt ar an struchtúr Eorpach agus ar líon na dtíortha, cinneadh go dteastódh fóram daonlathach leis an obair a phlé. I mí Meithimh 1979, reáchtáladh toghcháin chun Parlaimint na hEorpa don chéad uair trí vótáil chomhchoiteann dhíreach. Cúpla seachtain níos déanaí, toghadh Simone Veil, Giúdach a tháinig slán as an uileloscadh Naitsíoch. mar uachtarán trí thromlach glan sa dara ballóid.[3]
Bhí Antonio Tajani ina Uachtarán ar an pharlaimint ón mbliain 2017 go dtí 2019. Toghadh Iodálach eile, David Sassoli, ar 3 Iúil 2019 mar Uachtarán.
Tá líon na bhfeisirí ag méadú go leanúnach de réir mar atá líon na mballstát amhlaidh.[2] Ón 1 Feabhra 2020, tá 27 mballstát ann san Aontas Eorpach.[4] De réir mar atá an tAontas méadaithe tá an riachtanas go mbeadh ballstáit ar aon fhocal ag éirí níos deacra le cur i bhfeidhm.[5]
Tháinig deireadh le tréimhse oifige fheisirí na Ríochta Aontaithe. Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta anois de 705 fheisire (i gcomparáid leis an 751 fheisire a bhí ann roimh Bhreaitimeacht).
Cinneadh i mí an Mhárta 2024 nach mbeadh dualgas ar an bParlaimint seirbhísí iomlána aistriúcháin agus ateangaireachta a chur ar fáil i nGaeilge go dtí deireadh na bliana 2029 ar a luaithe.[6] Easpa aistritheoirí agus ateangairí Gaeilge is cúis leis an gcinneadh gan seirbhísí uile na Parlaiminte a chur ar fáil i nGaeilge, a deirtear
Vótáil san earrach síneadh go dtí deireadh an chéad téarma eile a chur le riail a fhágann nach gá na seirbhísí iomlána a chur ar fáil i nGaeilge agus i Máltais.[7]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.