From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Gearmáinice Iartharach is ea an Ollainnis, nó an Ísiltíris ( Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír, Suranam agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndras sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.
Nederlands, Hollands agus Vlaams | |
---|---|
Eapainm | theodisk (en) agus Na Tíortha faoi Thoinn |
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 23,100,000 (2019) |
Dúchasach do | Cúige Antuairp, Brabant Fhlóndras, Flóndras, Réigiún Fhlóndras, Limburg, Flóndras Thoir, an Ísiltír, An Bhruiséil, Flóndras na Fraince, Kleve, Brabant Vallúnach agus Hainaut |
Stáit | an Ísiltír, an Bheilg, Suranam, an Fhrainc, an Ghearmáin, Arúba, Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib, Curaçao, Ríocht na hÍsiltíre agus Sint Maarten |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair teangacha Francóiniacha teangacha Francóiniacha Íochtaracha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Braille Ollannach |
Institiúid caighdeánaithe | Nederlandse Taalunie |
Stair | leathnú na hOllainnise |
Cóid | |
ISO 639-1 | nl |
ISO 639-2 | nld |
ISO 639-3 | nld |
Glottolog | dutc1256 |
Linguasphere | 52-ACB-a |
Ethnologue | nld |
ASCL | 1401 |
Linguist List | nld |
IETF | nl |
Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Arúba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.
Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.
Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - diets nó duutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.
Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Seachas na 16.7 milliún cainteoirí dúchasacha san Ísiltír, tá an Ollainnis labhartha sna tíortha seo a leanas:
Sa bhliain 2001 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga ag 40,188 duine san Astráil.
Is teanga oifigiúil í an Ollainnis sa Bheilg. Is í an mháthairtheanga do thart ar 55% de dhaonra na Beilge. Cónaíonn an chuid is mó de na cainteoirí Ollainnise i bhFlóndras (an réigiúin ina bhfuil Ollainnis mar mháthairtheanga ag formhór an daonra).
I 2011 ba í an Ollainnis an mháthairtheanga do 110,490 duine i gCeanada, síos ó 128,900 duine sa bhliain 2006.
I 2013 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 24,006 duine sa Nua-Shéalainn.
I 2010 bhí Ollainnis mar phríomhtheanga do 136,000 duine i S.A.M..
Is í an Ollainnis an t-aon teanga oifigiúil i Suranam. Is í an mháthairtheanga do thart ar 60% agus tá sí mar dara teanga ag an chuid eile den daonra. Is í an t-aon tír a labhraíonn Ollainnis i Meiriceá Theas.
Is neamhchosúil le teangacha Gearmánacha eile í an Ollanais mar níl análú na gconsain aice. Chomh an formhór na teangacha Gearmáineachas, níor ghlac Ollainnis páirt i rith an Dara Iompú Consan Gearmánach. Úsáideann an Ollainnis na faiceasaigh coghóisiagh na nGearmáinic Ársa, ach caillte nó modhnaithe in a lán teangacha Gearmánacha eile. Chomh an Rúisis, an Ghearmáinis nó an Bhriotáinis, tá deiridheamhghlóracha ag Ollainnis. Sna focail na hOllainis, is neamhghlórach é an deiriadhfuaim. Tugann an ghné seo a lán téarma comhfhuaimneach don Ollainnis, Mar Shampla "hard" (crua) agus "hart" (croí), agus "Golf" (tonn) agus "Golven" (tonnta).
Débhéalach | Béaildeadach | Ailbheolach | Iarailbheolach | Coghóisiach/
Sine Siain |
Glotasach | |
---|---|---|---|---|---|---|
Srónach | m | n | ŋ | |||
Pléascach | p b | t d | k (ɡ) | |||
Cuimilteach | f v | s z | ( ʃ) (ʒ) | x ɣ | ɦ | |
Crá | r | |||||
Faiceasach | ʋ | l | j |
Úsáidtear ( ʃ) (ʒ) agus (g) i bhfocail iasachta amháin.
Tosaigh
Neamhchuimsitheach |
Tosaigh
Cuimsitheach |
Lár | Cúil | |
---|---|---|---|---|
Neas | ɪ | ʏ | ||
Lár | ɛ | ə | ɔ | |
Oscailte | ɑ |
Tosaigh
Neamhchuimsitheach |
Tosaigh
Cuimsitheach |
Cúil | |
---|---|---|---|
Neas | i ~ iː | y ~ yː | u ~ uː |
Láirneas | eː | øː | oː |
Lároscailte | (ɛː) | (œː) | (ɔː) |
Oscailtr | aː |
Úsáídtear (/ɛː œː ɔː/) i bhfocail Fraincis iasachta den chuid is mó.
Is (C)(C)(C)G(C)(C)(C)(C) é an siollastruchtúr na hOllainis. An focal le an uimhir consain atá brúite le chéile is mó is é "slechtstschrijvend " /ˈslɛxtstˌsxrɛi̯vənt/ (ag scríobh is measa)
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.