Miotaseolaíocht na gCeilteach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Maraon le dreamanna Eorpacha den Iarannaois, tá ann i Miotaseolaíocht na gCeilteach creidimh ildiachais le han-chuid déithe agus bandéithe.[1] Níor tháinig miotais Cheiltigh na Mór-roinne (dreamanna amhail is na Gallaigh agus na Ceiltibéaraigh) slán as concas ag Impireacht na Róimhe, meath a dteangacha agus a dtiontú ar an gCríostaíocht. Ní fhaightear ach iarsmaí i bhfoinsí Gréag-Rómhánacha agus seandálaíocht. Is as na hOileáin (Gaeil as Éirinn agus as an Albain; na Briotanaigh Cheilteacha as iarthar na Breataine agus as an Briotáin) a thagann an chuid is mó den miotaseolaíocht atá ar marthain. D'fhág siad a mbéaloideas ó ghlúin go glúin, a scríobhadh síos i ndeireadh na dála ag manaigh Críostaí sa mheánaois, Miotaseolaíocht na nGael an chuid is mó de, ach roinnt mhaith miotaseolaíocht na mBreatnach.
Meastar go bhfuil an fhine osnádúrtha, na Tuatha Dé Danann bunaithe ar déithe Ceilteacha na hÉireann. Tá dhá chlann mhóra le feiceál sa Bhreatain Bheag, Plant Dôn agus Plant Llŷr. Tá naisc idir déithe na nOileán agus na Mór-roinne: Tá Lugh agus Lleu gaolmhar le Lugus; Goibniu agus Gofannon le Gobannos; Macán (Aonghas) and Mabon le Maponos; srl. Is pearsa choiteann í bandia an fhlaithis, a bhronnann flaitheas ar rí á phósadh. Feictear go minic an t-Alltar, a dtugann laochra miotalacha cuairt air. Tá tionchar na gceilteach le feiceáil sna seanscéalta Celtic myth influenced later Artúracha.