Gaeil
grúpa eitnitheangeolaíochta de bhunadh na hÉireann, na hAlban agus Oileán Mhanann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Na Gaeil a tugadh riamh ar bhunmhuintir na hÉireann, na hAlban (Gaeilge na hAlban: na Gàidheil) agus Mhanann (Gaeilge Mhanann: ny Gaeil), agus é le tuiscint go raibh saghas éigin Gaeilge á labhairt acu uile. Ainm é a thagann ó Goídil (gοi:δil') na sean-Ghaeilge. (D'fhéadfadh siúd teacht ón ainm a thug na Breatnaigh ar choilínigh Éireannacha in iarthar na Breataine tar éis thitim na hImpireachta Rómhánaí.)[1]
Fíricí Gasta Cineál, Léarscáil dáileacháin ...
Cineál | grúpa eitnitheangeolaíoch |
---|---|
Léarscáil dáileacháin | |
Dún
Is fada na Gaeil á samhlú leis na Ceiltigh, ach is léir ón bhfianaise sheandálaíoch nach bhfuil an scéal chomh simplí sin.