Miotal trasdultach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is miotal trasdultach ann ná dúil a bhfuil d-fhosceall neamhiomlán ag a hadamh, nó a d'fhéadfadh caitiain a chruthú le d-fhosceall neamhiomlán. Áirítear leis seo dúile i ngrúpaí 3 go 12 den tábla peiriadach, cé go ndéantar dúile grúpa 12 (since, caidmiam, agus mearcair) a eisiamh uaireanta mar gheall ar a d-fhosceallaí lánlíonta ina staideanna ocsaídiúcháin is coitianta.[1]
Is é an fo-leibhéal neamhiomlán a thugann na hairíonna atá liostaithe thíos do na miotail
thrasdultacha;
• Foirmíonn siad coimpléisc dhaite.
• Tá staideanna athraitheacha ocsaídiúcháin acu.
• Gníomhaíonn na miotail agus a gcomhdhúile mar chatalaígh;