Dúil cheimiceach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i ndúil cheimiceach ná substaint a bhfuil a cuid adamh go léir mar an gcéanna ó thaobh líon na bprótón de ina núicléis admhacha. Murab ionann agus comhdhúile ceimiceacha, ní féidir dúile ceimiceacha a mhiondealú ina substaintí níos simplí trí mhodhanna ceimiceacha. Tá sainmhíniú na dúile ceimicí bunaithe ar líon na bprótón sa núicléas, agus deirtear gurb í a huimhir adamhach í (is í an litir Z an tsiombail a sheasann don uimhir adamhach)- Is adaimh den dúil chéanna iad na hadaimh go léir a bhfuil an uimhir adamhach chéanna acu. Tá damhnaí barónacha na cruinne go léir comhdhéanta as dúile ceimiceacha, a chuimsíonn adaimh de chineál ar bith, agus a sholáthraíonn an mhais dóibh. Ní fhaightear ach cuid bheag de na dúile, cosúil leis an airgead agus an t-ór, mar ghlandúile ar mianraí nádúrtha iontu féin iad. An chuid is mó de na dúile atá ar fáil sa dúlra, is mar chomhdhúile nó mar mheascán a fhaightear iad. Is éard atá san aer ná meascán den nítrigin, an ocsaigin agus dúile eile ar gás iad, argón thar aon cheann eile, cé go bhfuil comhdhúile ann chomh maith, an dé-ocsaíd charbóin agus an t-uisce ach go háirithe.
Thosaigh stair fionnachtana agus úsáide na ndúl roimh scríobh na staire. Bhí aithne ag muintir na sochaithe primitíbheacha féin ar an gcarbón, an sulfar, an copar agus an t-ór, cé nár thuig siad coincheap na ndúl go fóill. Na hiarrachtaí a rinneadh leis na hábhair seo a aicmiú, chuir siad bun le coincheap na ndúl clasaiceach, leis an ailceimic agus le teoiricí éagsúla eile i rith stair an duine.
Ba é an saineolaí Dmítrí Meindeiléiv ón Rúis a chuir tús leis an Tábla Peiriadach sa bhliain 1869, agus é tar éis a thabhairt faoi deara go raibh saintréithe na ndúl ag athrú ar bhealach thráthrialta, a chuir ar a chumas iad a ghrúpáil i roinnt colún (grúpaí) agus sraitheanna (peiriaid), de réir a meáchain adamhaigh, agus é ag tabhairt faoi deara an dóigh a raibh na hairíonna céanna ceimiceacha ag athfhilleadh taobh istigh de gach grúpa. Le linn na tréimhse sin, nuair a bhí Meindeiléiv ag obair, ní raibh tuiscint ag na heolaithe ar choincheap an núicléis go fóill, agus mar sin, ós rud é go raibh na hairíonna agus ordú na ndúl ag teacht salach ar a chéile in áiteanna, ghlac Meindiléiv leis gurbh fhéidir nach raibh luachanna an mheáchain adamhaigh tomhaiste go cruinn go fóill. Idir an dá linn, tuigeadh do na heolaithe gurb é líon na bprótón is bunús leis an bpeiriadacht, agus cé go bhfuil ordú na ndúl de réir an mheáchain adamhaigh sách gar don aicmiú de réir líon na bprótón sa núicléas, níl sé riachtanach gurbh ionann an dá ordú.
Faoi mhí na Samhna 2016, bhí 118 ndúil san iomlán aitheanta ag Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí, eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí. Tá an chéad 94 cinn acu ar fáil go nádúrtha ar an Domhan, agus is dúile sintéiseacha iad na 24 eile a tháirgtear in imoibrithe núicléacha. Ach amháin, i gcás dúile radaighníomhacha éagobhsaí (radanúiclídí) a dtagann meath orthu go gasta, tá beagnach gach ceann de na dúile ar fáil go tionsclaíoch. Réimse leanúnach staidéir eolaíoch is ea dúile nua breise a fhionnadh agus a shintéisiú.