Is iarpholaiteoir agus iar-Ard-Aighne na hÉireann é Mícheál Mac Dubhghaill (Béarla: Michael McDowell) (1 Bealtaine 1951 a rugadh é).
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 29 Bealtaine 1951 73 bliana d'aois Raghnallach, Éire |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Meitheamh 2016 – Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann | |
Tánaiste | |
13 Meán Fómhair 2006 – 14 Meitheamh 2007 ← Máire Ní Áirne – Brian Ó Comhain → | |
Ceannaire an Pháirtí Dhaonlathaigh | |
11 Meán Fómhair 2006 – 25 Bealtaine 2007 | |
Teachta Dála | |
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 29ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 2002 | |
An tAire Dlí agus Cirt | |
6 Meitheamh 2002 – 14 Meitheamh 2007 ← John O'Donoghue – Brian Seosamh Ó Luineacháin → | |
27 Ard-Aighne na hÉireann | |
17 Iúil 1999 – 6 Meitheamh 2002 ← David Byrne – Rory Brady (en) → | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 27ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1992 | |
Teachta Dála | |
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Dáil Toghcheantar: Baile Átha Cliath Thoir Theas Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1987 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Gonzaga |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir, ardabhcóide |
Ball de pháirtí polaitíochta | An Páirtí Daonlathach (1985–2009) |
Saol
Garmhac le hEoin Mac Néill is ea é, an fear léinn a bhí gníomhach le Conradh na Gaeilge agus Óglaigh na hÉireann.
Saol Polaitiúil
Ba Theachta Dála é ar son Bhaile Átha Cliath Thoir Theas. Toghadh é chun na Dála an chéad uair sa bhliain 1987, agus dhá uair eile (1992 agus 2002) ina dhiaidh sin.[1]
Ba é an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ón mbliain 2002 go 2007.
Rinneadh ceannaire den Pháirtí Daonlathach de i 2006. Ar 13 Meán Fómhair 2006, d'éirigh sé ina Thánaiste. Bhí sé ina cheannaire ar an bPáirtí Daonlathach nuair a bualadh go tubaisteach iad in Olltoghchán 2007, agus 75% (6/8) dá suíochán caillte acu, a shuíochán siúd ina measc.
D'éirigh sé as an bpost (agus as an bpolaitíocht go hiomlán) tar éis an olltoghcháin sa bhliain 2007.[2] D'fhill sé ar a ghairm bheatha mar abhcóide, tar éis dó éirí as an bpolaitíocht.
Gaeilge
Tá líofacht na Gaeilge aige.
Tagairtí
Naisc Sheachtracha
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.