From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Mérida príomhchathair Extremadura, in iarthar na Spáinne. Tá níos mó ná 60,000 duine ina gcónaí ann agus tá sé suite i gcúige Badajoz (cúige). Cé gur príomhchathair an réigiúin í is í Badajoz príomhchathair an chúige. Ainmníodh Mérida i Veiniséala agus Mérida i Meicsiceo as Mérida na Spáinne.
Cuireadh an chathair ar bun faoin ainm Emerita Augusta ar ordú ón Impire Rómhánach Augustus, chun áth agus droichead ar abhainn Guadiana a chosaint. Chuir dhá léigiún de sheansaighdiúirí fúthu sa cheantar. Rinneadh príomhchathair an chúige Lusitania as Mérida, agus bhí an-tábhacht léi ar feadh i bhfad. Tá níos mó iarsmaí Rómhánacha i Mérida ná in aon áit eile sa Spáinn, agus is Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO í dá bharr sin.
Tá an Punto Romano, seandroichead na Rómhánach, ina sheasamh go fóill, chomh maith le Teampall Diana, iarsmaí an Fhóraim, an Circus Maximus, amharclanna agus suíomhanna seandálaíocha éagsúla. Tá léargas iontach ar stair agus ar chultúr na Rómhánach ar fáil sa mhúsaem.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.