From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhphobal féinrialaitheach í Extremadura atá suite in iarthar na Spáinne. Tá sé roinnte idir cúigí Badajoz agus Cáceres. Is í Mérida an phríomhchathair cé gurb í Badajoz an chathair is mó. Daonra timpeall milliún duine atá ann. Tá sé ar theorainn na Portaingéile thiar, agus Andalucia ó dheas.
Extremadura | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Himno de Extremadura | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Spáinn | ||||
Príomhchathair | Mérida | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,059,501 (2021) | ||||
• Dlús | 25.45 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 41,634 km² | ||||
Pointe is airde | Calvitero (en) (2,401 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1883 | ||||
Éarlamh | Our Lady of Guadalupe (Extremadura) (en) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Extremadura | ||||
• Ceannaire an rialtais | María Guardiola (2023–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | ES-EX | ||||
Cód NUTS | ES43 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | juntaex.es |
Ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais. Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois. Conaíonn na daoine i mbailte agus i gcathracha agus is annamh a fheictear tithe aonair feirme faoin tuath.
Ciallaíonn an t-ainm Extremadura 'an taobh thall den Duoro', agus tugadh é ar na tailte a bhí ar theorainn na gcríocha Críostaí nuair a bhí an Spáinn roinnte idir iad agus na Múraigh.
Tá Zafra, sa deisceart, ar cheann de na cathracha is áille sa Spáinn, agus tá raidhse caisleán agus eaglaisí ar fud na mbailte.
Is é Extremadura an réigiún is boichte sa Spáinn, ach le blianta beaga anuas tá an-chuid tógála ar bun agus mótarbhealaigh á ndéanamh idir cathracha móra na tíre.
Tá achar 41,633 ag Extremadura sé sin an 5ú comhphobal is mó sa Spáinn. Tá sé suite ar an Ardchlár theas. Ó thuaidh tá Sistema Central áit a bhfuil an pointe is airde in Extremadura, Calvitero ag 2,401 méadar.
Ó dheas tá Sierra Morena, a scarann Extremadura ón Andalúis.
Tá aeráid te-samhradh na meánmhura aige, sé sin samhraidh te agus tirim le go leor triomaigh ann, cé go mbíonn geimhridh measartha ann de thionchar an aigéin Atlantach.
Tá íosmeán teochta bliantúil 4°C ann agus uasmeán teochta 33°C. Sa tuaisceart bíonn na meán teochta níos ísle ná an deisceart. I rith an tsamhraidh bíonn meán teochta mí Iúil níos mó ná 26° agus chomh hard le 40|°C.
Sa gheimreadh bíonn an meán teoachta thar ar 7.5°C.
Bíonn thart ar 40cm sneachta ar an meán don chuid is mó i rith mí Eanáir agus Feabhra ar talamh ard.
Tá thart ar 1,070,586 daoine ina gcónaí ann, sé sin 2.36% den daonra na Spáinne.
Tá an dlús daonra an-iseal aige ag 25.71 daoine/cm2 i gcomparáid leis an meán tíre.
Is é Badajoz an cúige leis an daonra is mó; tá 691,715 daoine ina gcónaí ann agus dlús daonra 31.78/cm2 ann agus is é an cúige is mó ó thaobh achar de sa Spáinn le 21,766cm². Is é Cáceres an dara cúige is mó sa Spáinn i ndiaidh Badajoz.
Is í Spáinnis an t-aon teanga le aitheantas oifigiúil (glaotar Castúo ar an gcanúint áitiúil), ach labhraítear roinnt teangacha eile chomh maith:
Ba chúige in Impireacht na Róimhe é Lusitania, a chlúdaigh chuid mhaith den Phortaingéil agus lár-Iarthar na Spáinne sé sin an comhphobail Extremadura an lae inniu. Ba í Mérida príomhchathair an chúige sinagus mar sin ar cheann de na cathracha is tábhachtaí in Impireacht na Róimhe.
I ndiaidh Ionradh na Moslamach agus titim ríocht Al Andalus ghabh Alfonso IX León an réigiúin thart ar an bhliain 1230.
De bharr bochtanas an réigiúin d'fhág fir uaillmhianaigh an áit chun rathúnas a fháil agus mar sin ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais.[5] Samplaí ar leith ná:
Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.