Liam Ó Floinn
ceoltóir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba phíobaire uilleann é Liam Óg Ó Floinn nó Liam O'Flynn (7 Bealtaine 1945 i gCo Chill Dara, - 14 Márta 2018). Bhí a scileanna agus a mháistreacht ar an bpíobaireacht eisceachtúil.[1][2]
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Aibreán 1945 An Chill, Éire ![]() |
Bás | 14 Márta 2018 72 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Siocair bháis | Eimfiséime scamhóige |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceol |
Gairm | ceoltóir, fliúiteadóir, píobaire ![]() |
Tréimhse oibre | 1966 – 2018 |
Seánra | Ceol traidisiúnta na hÉireann |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Píb mhála agus píoba uilleann |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Is iomaí ceolchoirm agus taifeadadh a bhí déanta ag an máistirphíobaire seo le popréaltaí agus le rac-réaltaí (ar nós Mark Knopfler, Kate Bush, Enya, Sinéad O’Connor, Mary Black, Afro Celt Sound System, Van Morrison, The Everly Brothers, John Cage, Nigel Kennedy srl), le ceolfhoirne (saothair Shaun Davey ach go háirithe ach go leor eile chomh maith ar nós Proms na BBC) agus fiú amháin leis an bhfile Éireannach Seamus Heaney, buaiteoir Dhuais Nobel na Litríochta sa bhliain 1995.
Ach in ainneoin na ngaiscí seo uilig, is mar cheoltóir an-ábalta traidisiúnta is mó atá meas ag an phobal ar Liam Óg Ó Floinn. Dúradh gur ceoltóir a thuig an traidisiún i gcónaí a bhí i Liam O'Flynn[3]. Sa bhliain 2007, bronnadh Gradam Ceoil TG4 air, an deichiú bliain den scéim gradam náisiúnta áitithe seo.