From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceann de na músaeim is mó agus is cáiliúla é an Kunstmuseum Den Haag san Ísiltír, suite sa Háig.
Kunstmuseum Den Haag | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Músaem ealaíne | |||
Foirgníocht | 29 Bealtaine 1866 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 29 Bealtaine 1935 | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | An Háig, An Ísiltír | |||
Suíomh | Stadhouderslaan 41, 2517HV Den Haag | |||
| ||||
Codanna | Escher Museum (en) Fotomuseum Den Haag (en) KM21 (en) | |||
Gníomhaíocht | ||||
Bunaitheoir(í) | Hugo Ferdinand van Zuylen van Nijevelt (en) , Jean Zacharie Mazel (en) , David Jozef Bles, Louwrens Hanedoes, Carel Vosmaer, Henri Camp, Agnites Vrolik agus Hendrik Enno van Gelder | |||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 719,000 (2015) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | kunstmuseum.nl | |||
Is fairsing an bailiúchán ealaíne atá sa Kuntsmuseum Den Haag. Tá an Kunstmuseum ar cheann de na músaeim is mó san Eoraip, agus tá os cionn 160,000 saothar ealaíne ann.[1]
Foirgneamh Art Deco is ea foirgneamh an Kunstmuseum, foirgneamh a dhear ailtire de chuid na hÍsiltíre, H.P. Berlage.
Is sa Kunstmuseum atá an bailiúchán is suntasaí de shaothar an ealaíontóra Piet Mondrian, ealaíontóir mór le rá de chuid na hÍsiltíre. Bíonn bailiúchán ealaíne Piet Mondrian ar taispeáint mar chuid den taispeántas leanúnach ‘Mondrian & De Stijl’.[2]
Tá nach mór 300 saothar ealaíne de chuid Mondrian sa mhúsaem. Tá léiriú iomlán ar fhorbairt ealaíne Mondrian, na radharcanna tíre a phéinteáil sé in Amstardam agus Domburg, an ealaín bhun-teibíochta a d’fhorbair sé i bPáras agus in Laren, agus an saothar a tháinig chun cinn i Nua-Eabhrac, an chathair a raibh sé ag cur faoi ann agus an sárshaothar ealaíne deireanach dá chuid, ‘Victory Boogie Woogie’ á dhéanamh aige.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.