Ku Klux Klan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ainm é Ku Klux Klan nó KKK a úsáideann a lán grúpaí dúchasacha sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe, go háirithe sa Deisceart. Bíonn lucht leanúna Ku Klux Klan ag ionsaí Gormaigh agus lucht inimirce, agus iad ag iarraidh ardchumhacht an chine bháin a chur chun cinn. Go stairiúil, bhí Ku Klux Klan ag caitheamh róbaí bána agus púicíní ar dhéanamh coirceoige, agus iad ag cur i gcéill gurbh iad taibhsí na saighdiúirí a fuair bás i bpáirc an áir i rith Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe ar son an Deiscirt. Sin é an chuma a bhíonn ar lucht leanúna KKK ina lán scannán, cuir i gcás.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | eagraíocht pholaitiúil eagraíocht armtha eagraíocht sceimhlitheoireachta fuathghrúpa eagraíocht choiriúil | ||||
Réimse oibre | right-wing terrorism (en) | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | náisiúnachas geal frithchumannachas nuafhaisisteachas anti-Catholicism (en) sceimhlitheoireacht Chríostaí dúchasachas white supremacy (en) | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1865, Pulaski | ||||
Bunaitheoir(í) | Nathan Bedford Forrest | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
8 Nollaig 1863-31 Márta 1877 | Reconstruction Era (en) | ||||
Suíomh a chartlainne | |||||
Le cuid | |||||
Suíomh gréasáin | kkk.bz | ||||
Tháinig an chéad KKK ar an bhfód i ndiaidh an Chogaidh Chathartha, agus é ag dul i muinín sceimhlitheoireachta, foréigin agus linseála leis na hAfra-Mheiriceánaigh, na Caitlicigh agus na Giúdaigh a choinneáil faoi smacht.[1]