An Giúdachas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an Giúdachas nó an tIúdachas reiligiún na nGiúdach. Ceann de na reiligiúin aondiacha is sine ar domhan atá ann, agus ceann de na reiligiúin is sine atá á gcleachtadh fós. Tá airteagail chreidimh agus stair an Ghiúdachais ina gcroílár do bhunús na gcreideamh Ábrahamach eile, an Chríostaíocht agus Ioslam san áireamh.
Ainmnithe in ómós | Iúdá |
---|---|
Sonraí | |
Cineál | creideamh ethnic religion (en) stíl bheatha |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | c. 5 haois "RCh": Giúdachas an Dara Teampall, An Mheaspatáim |
Bunaitheoir(í) | Abrahám |
an Torah | |
Bíobla Eabhraise | |
An Talmud | |
Gníomhaíocht | |
Limistéar oibriúcháin | domhanda |
Codanna | |
Níl aon údarás lárnach nó dogma comhaontach ag an nGiúdachas, ach tá roinnt prionsabal creidimh ag an reiligiún ilghnéitheach seo a choinníonn le chéile é. An ceann is tábhachtaí ná creideamh in aon Dia amháin atá uilefhiosach, uilechumhachtach, uiledhea-mhéiniúil, tarchéimnitheach, a chruthaigh an chruinne agus gach rud atá inti, agus a bhfuil baint aige fós le riaradh na cruinne seo.
De réir mar a chreidtear, b'é an Dia céanna a chruthaigh an chruinne agus a shocraigh cúnant leis na Giúdaigh agus a chuir a chuid dlíthe agus aitheanta in iúl dóibh sa Tórá.
Caitheann an Giúdach fíréanta cuid mhó ama ag staidéar na ndlíthe agus na n-aitheanta seo le bheith in ann iad a urramú mar is cóir, agus litríocht iomlán - an Talmud - scríofa ag Giúdaigh léannta na n-aoiseanna a chuaigh thart leis na dlíthe seo a mhíniú do na fíréin.