Cruinne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ár ndomhan, chomh maith leis an nGrianchóras, na réaltaí is na réaltraí go léir, is ea an chruinne[1] (tugtar an cosmos nó an mhórchruinne freisin uirthi). Taobh istigh den ghrianchóras, tá ár réalta, ar a dtugtar an ghrian, 8 bpláinéad-ina measc an domhan seo againne, na gealacha a théann mórthimpeall na bpláinéad, na hastaróidigh is na cóiméid.[2] Is ball den réaltra ar a dtugtar Bealach na Bó Finne an grianchóras, agus go ginearálta is cnuasach de réaltaí atá i ngach réaltra.