Tá droch-cháil air anois as na hiarrachtaí a rinne sé, agus é ina Sheanadóir na Stát Aontaithe (Páirtí Poblachtach) ar son Wisconsin ó 1947 go dtí go bhfuair sé bás, chun daoine i rialtas na Stát Aontaithe a thabhairt chun solais a bhí, dar leis, ina spiairí nó ina gCumannaithe nó ina homaighnéasaigh.[1] Cé go raibh an-tóir air dá bharr sin ag pointe áirithe, thángthas go coitianta ar an tuairim gur thuathghríosóir mailíseach féinspéisíoch meargánta é, an méid sin go gciallaíonn "McCarthyism" líomhaintí gan bhunús maidir le treascairt nó mídhílseacht.
Dá bhrí sin, roimh tráth a bháis, chaill Mac Carthaigh beagnach an tionchar polaitiúil go léir a bhí aige.