galar ae From Wikipedia, the free encyclopedia
Neamhord ainsealach leadránach san ae, ina milltear cealla an ae, agus a dtagann fíocháin cholmnacha (fiobróis) ina ndiaidh, is ea ciorróis.
Má leanann an aicíd ar aghaidh, teipeann an t-ae le buíochán, rith fola, bailiú sreabháin i gcuas an pheireatóinéim sa bholg, agus i ndeireadh báire cóma is bás.
Is é an chúis is coitinne leis ól fada leanúnach iomarcach alcóil. Ach is féidir go dtarlóidh sí mar thoradh ar neamhord uath-imdhíonachta, príomhchiorróis dhomlasach, bac sa chomhchonair dhomlasach (le calcalais domlais, mar shampla), nó ionfhabhtú víreasach (le heipitíteas B nó C, mar shampla).
Is féidir le haemacrómatóis oidhreachtúil bheith mar chúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte, ciorróis mar shampla.
Taispeánann taighde go bhfuil cealla faoi leith – gaschealla ina bhfuil neart teiliméaráise – san ae agus má chailltear iad nach mbeidh an t-ae in ann é féin a athnuachan ná feidhmiú i gceart.[1][2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.