From Wikipedia, the free encyclopedia
Imeacht ó íomhá fhoirfe maidir le hoptaic lionsaí mar thoradh ar na dlíthe athraonta. Is iomrall crómatach é nuair a bhraitheann athraonadh an lionsa ar thonnfhad (dath) an tsolais agus a tharlaíonn luain dhaite san íomhá. Iomrall monacrómatach é agus gach dath próiseáilte mar an gcéanna nuair a bhíonn an íomhá díchumtha, le cuaire réimse, cóma, agus/nó aistiogmatacht. Iomrall sféarúil nuair a bhíonn an íomhá geamhach. Bíonn iomraill i láthair i scátháin freisin, ach gan iomrall sféarúil sa chás seo. Is féidir iomrall in ionstraim optúil (ceamara, teileascóp) a laghdú le córas lionsaí, agus airíonna urchomhaireacha comhlántacha ag na lionsaí sa chóras. Sa réalteolaíocht, is iomrall an t-athrú in ionad braite dealraitheach réalta mar thoradh ar luas an Domhain ina fhithis timpeall na Gréine is luas críochta an tsolais.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.