réaltbhuíon de chuid an stoidiaca ar an meánchiorcal neamhaí From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá Iompróir an Uisce ar cheann de na réaltbhuíonta is sine a aithnítear ar feadh an stoidiaca, cúrsa dealraitheach na gréine trí na spéartha. Aquarius (♒) an t-ainm Laidine a thugtar air, rud a chiallaíonn "ón uisce".
Iompróir an Uisce | |
---|---|
Ainmniú | Aquarius |
Cineál | réaltbhuíon agus zodiacal constellation (en) |
Achar dromchla | 980 °² |
Tá an réaltbhuíon seo suite i réigiún dá ngairtear go minic an Mhuir toisc go bhfuil a lán réaltbhuíonta uisciúla ann, mar shampla an Míol Mór, na hÉisc, an Abhainn, srl. Uaireanta, léirítear an Abhainn Eridanus agus í ag rith amach ó phota uisce an Uisceadóra.
Is é an Iompróir an Uisce an t-ainm is minicí a úsáidtear (ar Google siteː.ie), agus molann Foclóir Réalteolaíochta an leagan Iompróir an Uisce mar théarma Gaeilge. Is dócha go bhfuil sé bunaithe ar an ainm Béarla Water-bearer, agus an téarma An tUisceadóir aistrithe díreach ón Laidin.
I measc príomhréaltaí an Uisceadóra ná:
Buanaíodh an réaltbhuíon sna seascaidí, dá ngairtear Aois an Uisceadóra. Níl aon sainmhíniú caighdeánach, áfach, ar aoiseanna astralaíocha; mar sin de d'fhéadfadh go dtosódh aois an Uisceadóra sa bhliain [2150]] nó fiú amháin 2660, de réir an tsainmhinithe a roghnaítear.
Ionannaíodh an tUisceadóir ar shlite éagsúla i rith na n-aoiseanna. De réir an mhiotais is iomráití, ionannaítear an tUisceadóir le Gainiméide, ógánach álainn ar thit Séas i ngrá leis, agus ar fhuadaigh sé go hOilimpeas é le bheith ina dháileamh do na déithe. Ionannaítear an Cupán lena chorn uaireanta.
Tríd is tríd, tá dealramh ag an Uisceadóir le cruth fir; má chuirtear réaltóga san áireamh atá níos doiléire ach infheicthe fós ag an tsúil fhornocht, téann an réaltbhuíon i gcosúlacht le deilbh fir, buicéad ina lámh aige agus sruth ag sní amach as. Ionannaíodh an tUisceadóir freisin leis an té a dhoirt amach uiscí na Díleann, a bháigh an domhan de réir leagan Gréagach an mhiotais sin. Sa chás sin, ionannaíodh réaltbhuíon na hAbhann, Eridanus, le habhainn atá an tUisceadóir a dhoirteadh amach.
Is féidir go mbaineann an tUisceadóir, i dteannta réaltbhuíon Pheigeasais, le bunús mhiotas Láracha Dhíoméide, atá páirteach le Dhá Shaothar Déag Earcail. Agus is cosúil go bhfuil gaol éigin idir an doirteadh amach aibhneacha, réaltbhuíon cóngarach an Ghabhair agus bunús scéal Stáblaí Áigéis, ceann eile den dá shaothar déag.
De réir astralaíocht an Domhain Thiar, tá baint ag comhartha an Uisceadóra (Eanáir 20 - Feabhra 18) leis an réaltbhuíon den ainm céanna.
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, baineann an tUisceadóir le dúil chlasaiceach an Aeir, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha an aeir é (i dteannta na Meá agus an Chúpla). Tá sé freisin ar cheann de na ceithre Chomhartha Dhaingeana (i dteannta an Leoin, na Scairpe, agus an Tairbh). Is é an Leon is frithchomhartha polach an Uisceadóra, agus is é Uránas is pláinéad ceannasach leis (sular aimsíodh Uránas, ba é Satarn a mheastaí mar phláinéad ceannasach an Uisceadóra).
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an tUisceadóir an córas imshruthaithe chomh maith leis na murnáin. Is é an tsiombail atá ar an Uisceadóir ná iompóir an uisce. I measc tréithe an Uisceadóra áirítear: cumas an scéal ar fad a thuiscint, nádúr cairdiúil neamhfhoirmiúil, géire mheabhrach (go fiú ardintleacht), agus intlíocht.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.