polaiteoir as Béal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia
Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann é Ian Óg Richard Kyle Paisley, nó Ian Paisley Jr. a rugadh ar an 12 Nollaig, 1966. Is ball den DUP é. I mí Bealtaine 2010, toghadh é den chéad uair mar theachta parlaiminte do Aontroim Thuaidh.
Sa bhliain 2024, bhí Paisley i measc na bpolaiteoirí sin a bhí ar chóisir lá breithe Nigel Farage agus gníomhach sa pháirtí Reform UK ag an am céanna; bhí Paisley i measc na bhfeisirí sin a bhí dubh dóite i gcoinne an mhargaidh (Creat Windsor) ar ghlac an DUP leis, ar mholadh Jeffrey Donaldson, chun dul ar ais sa Tionól in 2024.[1]
San Olltoghchán 2024.[2], fuair ceannaire an TUV Jim Allister an ceann is fearr ar Ian Paisley in Aontroim Thuaidh, agus tháinig deireadh le rítheaghlach Paisley tar éis ceithre bliana is leathchéad.[3] Bhí farasbarr de 450 vóta de Jim Allister ar Paisley. Ní raibh aon choinne leis seo ar chor ar bith. Dúirt Allister é féin go raibh talamhchreathach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.