seansailéir Iarthar na Gearmáine agus na Gearmáine athaontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí an Dr. Helmut Josef Michael Kohl ina Sheansailéir ar an nGearmáin ó 1982 go dtí 1998.
Cuimhneofar ar Helmut Kohl mar gheall ar athaontú na Gearmáine a tharla le linn a thréimhse in oifig, nuair a theip ar an gCumannachas in oirthear na hEorpa. I ndiaidh a bháis, dúirt Jean-Claude Juncker an méid seo: “Ní hé amháin gur cheann urra aontacht na Gearmáine a bhí in Helmut Kohl. Rinne sé a chion – cion níos mó ná a rinne daoine eile – chun stair na hEorpa agus geografaíocht na hEorpa a thabhairt chun réitigh le chéile".[1]
Rugadh Kohl i Ludwigshafen na Gearmáine ar an 3 Aibreán 1930. Ina Caitliceach a tógadh é.
Is i lár na ndéaga de bhlianta a bhí sé nuair a tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda. Ach bhí Kohl páirteach sa Dara Cogadh Domhanda agus é fós ina dhéagóir, ball den Kinderlandverschickung agus ansin den Hitlerjugend. Is minic a dúirt sé go raibh sé slán ón gcuid is measa den chogadh mar gheall ar é a bheith chomh hóg sin.[2]
Maraíodh a deartháir Walter, saighdiúir, sa Chogadh sa bhliain 1944; chuaigh a bhás go smior ann.
Rinne sé staidéar ar an dlí in Frankfurt sular athraigh sé go dtí an stair agus an eolaíocht pholaitiúil ar Ollscoil Heidelberg. Bhí sé ina bhall den eagraíocht, AIESEC.
Chuaigh Kohl le polaitíocht go luath ina shaol, agus bhí ina bhall den Pháirtí Críostaí Daonlathach ó 1947. Ghnóthaigh sé céim dochtúra sa stair.
Is i saol na hacadúlachta a chuir sé tús lena shaol oibre, go dtí go ndeachaigh sé bealach an ghnó ina dhiaidh sin agus bealach na polaitíochta sa deireadh thiar.
In 1959 toghadh ina cheannaire é ar chraobh a bhaile dúchais den Aontas Daonlathach Críostaí (CDU), agus ba ghearr gur shaothraigh sé a bhealach aníos tríd an bpolaitíocht áitiúil agus réigiúnach.
Tar éis tamall a chaitheamh i bpolaitíocht stáit, toghadh é chuig an Pharlaimint Fheidearálach. Tar éis dó a bheith ina aireuachtarán ar Dhúiche na Réine agus an Phalaitíneacht (rud a d’fhág gurbh é an ceann rialtais tofa is óige sa Ghearmáin), agus ina chathaoirleach ar CDU, thug sé na chéad chéimeanna i dtreo Sheansailéireacht Iarthar na Gearmáine.[2]
Bhí sé ina cheannaire ar an bhfreasúra ó 1973 ar aghaidh.
In 1982, briseadh an rialtas mar gheall ar vóta mímhuiníne a thionscain CDU. Dá réir sin, thogh an Bundestag (parlaimint na Gearmáine) Kohl ina Sheansailéir. Tar éis vóta mímhuiníne sa Seansailéir Helmut Schmidt rinneadh Seansailéir de Kohl ar 1 Deireadh Fómhair 1982.
Bliain ina dhiaidh sin, fuair sé greim níos doichte ar an gcumhacht trí thoghcháin chónaidhme 1983 a bhaint le farasbarr suntasach.
Cé go raibh na meáin chumarsáide ag magadh faoi agus go raibh freasúra láidir ina choinne, bhí tréimhse cumhachta níos faide ag Kohl mar Sheansailéir ná mar a bhí ag duine ar bith sa Ghearmáin ó aimsir Otto von Bismarck. D'fhan sé i gcumhacht go dtí gur bhuaigh an Páirtí Daonlathach Sóisialta toghchán na bliana 1998.
Is as a thiomantas chun aon stát amháin a dhéanamh den Ghearmáin is fearr atá cuimhne air. Ba é an chéad Seansailéir a chuir fáilte roimh cheann stáit Oirthear na Gearmáine i gcáil taidhleoireachta, agus tar éis thitim Bhalla Bheirlín, ba go diongbháilte a shaothraigh sé athaontú Oirthear agus Iarthar na Gearmáine.[2]
In 1990, shínigh agus dhaingnigh an dá pharlaimint conradh, conradh lenar athaontaíodh an Ghearmáin 45 bliana tar éis do choimhlint an tír a scoilt ina dhá leath, agus conradh a d’fhág go rabhthas níos cóngaraí d’fhíorú na físe a bhí ag Kohl den Eoraip agus í aontaithe.
Bhí scannal mór airgeadais ann áfach tar éis dó éirí as oifig, rud a fhágann smál ar a cháil mar pholaiteoir.
Shíothlaigh Kohl ar 16 Meitheamh 2017 in Oggersheim, sa Ghearmáin.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.