![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/5b/Lung_tissue_pathology_due_to_SARS_-_PHIL_3659_lores.jpg/640px-Lung_tissue_pathology_due_to_SARS_-_PHIL_3659_lores.jpg&w=640&q=50)
Géarshiondróm trom riospráide
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ionfhabhtú víreasach an-tógálach is ea Géarshiondróm trom riospráide nó SARS, a taifeadadh den chéad uair sa tSín sa bhliain 2002 agus a scaip go tapa ar fud an domhain trí aerthaisteal. Fuair níos mó ná 800 duine bás leis agus ionfhabhtaíodh os cionn 8,000 duine ar fud an domhain.
![]() ![]() | |
Cineál | galar víreasach tógálach, galar coróinvíris, niúmóine neamhthipiciúil agus galar ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | leigheas análaithe, galair thógálacha agus micribhitheolaíocht ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras, tinneas cinn, casacht, hiopocsa, dispnia, cianóis, miailge, traochadh gairme, buinneach agus niúmóine neamhthipiciúil ![]() |
Scrúduithe | imoibriú slabhrúil polaiméaráise agus tomagrafaíocht ríomhairithe X-ghathach ![]() |
Cóireáil | symptomatic treatment (en) ![]() ![]() |
Pataigineas | |
Cúis | severe acute respiratory syndrome coronavirus ![]() |
Éifeacht | 2002–2004 SARS outbreak (en) ![]() ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | U04.9 ![]() |
ICD-9 | 079.82079.82 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 32835 ![]() |
MedlinePlus | 007192 ![]() |
eMedicine | 237755 ![]() |
Patient UK | severe-acute-respiratory-syndrome ![]() |
MeSH | D045169 ![]() |
Orphanet | 140896 ![]() |
UMLS CUI | C1175175 agus C1175175 ![]() |
DOID | DOID:2945 ![]() |
Na siomptóim an-chosúil le siomptóim an fhliú: fiabhras ard, tinneas cinn, casacht thirim, giorra anála, agus b'fhéidir niúmóine. 2-7 lá an t-eatramh goir. Chinntigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur cineál nua corónaivíris is ea é, ceann de na cineálacha a chuireann tús leis an slaghdán coitianta.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0a/SARS_Virus_Particles_%2843093982224%29.jpg/640px-SARS_Virus_Particles_%2843093982224%29.jpg)
D'eisigh siad rabhadh domhanda do dhaoine maisc aghaidhe a chaitheamh in áiteanna poiblí, aerthaisteal a laghdú, paisinéirí eitleán a iniúchadh féachaint an bhfuil ardú teochta acu, agus daoine ionfhabhtaithe a aonrú.
Faoi dheireadh 2005 bhí an víreas faoi choinneáil den chuid is mó, agus meastar anois go bhfuil sé díothaithe. Mar sin féin, tá obair ar siúl chun vacsaín shlán éifeachtach a shaothrú.