From Wikipedia, the free encyclopedia
Táirgeadh easpónantúil blúire DNA dhédhualaigh ó theimpléad DNA ar leith is ea imoibriú slabhrúil polaiméaráise (PCR). Measctar an teimpléad le príméir 5 is 3 DNA olaganúicléitíde, 20-40 bunphéire ar fad, a shainíonn deireadh an bhlúire, núicléitídí aonaracha, agus einsím theaschobhsaí a dtugtar DNA polaiméaráise uirthi. Ardaítear an teocht a dhóthain chun dhá dhual an DNA héilicse a scaradh óna chéile, agus ansin ligtear do na príméir ainéaladh ar an DNA teimpléid, is don pholaiméaráis oibriú, agus méadaíonn an líon cóipeanna den DNA in imoibriú slabhrúil. Is féidir RNA a úsáid mar theimpléad freisin, ach is gá cóip DNA de a tháirgeadh ar dtús trí úsáid a bhaint as an einsím cúltrascrioptáis: tugtar RT-PCR ar an bpróiseas seo.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.