From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar tomagrafaíocht ríomhchuidithe (CAT) air freisin. Sa chóras íomháithe seo rothlaítear an feadán X-ghathach, agus an braiteoir trasna an trastomhais ón bhfeadán, mórthimpeall cholainn an othair. Déantar sraith tomhais X-ghathanna a ghlacann an braiteoir, stóráiltear iad sa ríomhaire, agus tógann an ríomhaire íomhá de shlisne nó trasghearradh tríd an gcolainn ó na tomhais sin. Gluaistear an t-othar tríd an meaisín de réir a chéile chun sraith íomhánna trasghearrthacha a dhéanamh de na fíocháin amhrasacha. Le feabhsuithe móra ó na 1970idí, is féidir íomhánna daite ardghéire a dhéanamh chun airíonna ar leith a thabhairt chun suntais, agus na cineálacha éagsúla fíochán a idirdhealú go soiléir. An-tábhachtach i bpleanáil radaiteiripe chun an gníomhú a fhócasú ar na réigiúin bheaga ailseacha is an dáileog a laghdú an oiread agus is féidir do na fíocháin shláintiúla.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.