![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4f/Gustave_Flaubert.jpg/640px-Gustave_Flaubert.jpg&w=640&q=50)
Gustave Flaubert
scríbhneoir Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba shárúdar Francach é Gustave Flaubert (IPA: ɡystav flobɛʁ). Rugadh i Rouen é, ar an 12ú lá de mhí na Nollag 1821,[1][2] agus fuair sé bás ar an 8ú lá de mhí na Bealtaine 1880, i mbaile beag darb ainm Croisset.[3][4]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Mar dhuine de na scríbhneoirí próis is fearr sa dara leath den 19ú haois, bhí tionchar mór ag Flaubert ar litríocht na Fraince mar thoradh ar chumhacht a stíle sna húrscéalta móra a scríobh sé, mar shampla Madame Bovary (1857), Salammbô (1862), L'Éducation sentimentale (1869), nó fiú a chuid gearrscéalta, mar Trois Contes (1877).