From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (AIF) (Béarla: International Phonetic Alphabet, nó IPA) ná córas scríofa atá coitianta sa teangeolaíocht. Cé go bhfuil ceangal soiléir leis an aibítir Rómhánach, is rud eile ar fad é. Chruthaigh an Cumann Idirnáisiúnta Foghraíochta an córas sa 19ú haois. Úsáideann teangeolaithe, múinteoirí teangacha, foclóirí, agus teiripeoirí urlabhra ar fud an domhain an córas seo.
Cineál | aibítir na foghraíochta |
---|---|
Cruthaitheoir | Alexander John Ellis, Henry Sweet agus Daniel Jones |
Cruthú | Lúnasa 1888 |
Bunaithe ar | an aibítir Róimheach, aibítir Laidineach agus an aibítir Ghréagach |
Aimsitheoir | Otto Jespersen () |
Stair | stair na hAibítre Idirnáisiúnta Foghraíochta |
Suíomh gréasáin | Suíomh gréasáin oifigiúil |
Taispeánann an aibítir an teanga labhartha agus conas a fhuaimníonn sé. Tá siombail amháin ag baint le gach fuaim. Is féidir é a úsáid do gach teanga ar domhan. Mar sin, má bhfuil an aibítir ar eolas agat, is féidir leat aon teanga a fhuaimniú.
Is iad consain scamhógacha an saghas consain is coitianta. Is iad an saghas atá ag an nGaeilge agus ag an mBéarla. Déantar iad trí bhac a chur ar an nglotas nó ar an mbéalchuas agus aer a scaoileadh ó na scamhóga.
Seo tábla na gconsan. Taispeántar an modh ina dhéantar an fhuaim sna rónna. Tá an áit a dhéantar an fhuaim sna colúin.
Áit→
↓Modh |
Déliopach | Liopadhéadach | Déadach | Ailbheolach | Iar-ailbheolach | Aisfhillte | Carballach | Coguasach | Úbhalach | Faraingeach | Glotasach | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Srónach | m | ɱ | n̪ | n | ɳ | ɲ | ŋ | ɴ | ||||||||||||||
Pléascach | p | b | t̪ | d̪ | t | d | ʈ | ɖ | c | ɟ | k | ɡ | q | ɢ | ʔ | |||||||
Aifricéad | ts | dz | tʃ | dʒ | ʈʂ | ɖʐ | cç | ɟʝ | ||||||||||||||
Cuimilteach | ɸ | β | f | v | θ | ð | s | z | ʃ | ʒ | ʂ | ʐ | ç | ʝ | x | ɣ | χ | ʁ | ħ | ʕ | h | ɦ |
Neasach | ʋ | ɹ | ɻ | j | ɰ | |||||||||||||||||
Cnagchonsan | ⱱ | ɾ | ɽ | |||||||||||||||||||
Tronnchrith | ʙ | r | ʀ | |||||||||||||||||||
Cuimilteach taobhach | ɬ | ɮ | ||||||||||||||||||||
Neasach taobhach | l | ɭ | ʎ | ʟ |
Nóta: Nuair a bhíonn péire siombail ann, bíonn an ceann ar chlé neamhghlórach agus an ceann ar dheis glórach. Ní féidir linn fuaim a dhéanamh sna spásanna liath.
Déantar guta leis an teanga a chur in áit sa bhéalchuas agus aer a scaoileadh amach go leanúnach. Féach ar tábla na ngutaí ar dheis:
Tá trí shaintréith ag baint le gach guta:
Is é défhogar an t-ainm atá ar dhá ghuta a deirtear le chéile. Tá ceithre dhéfhogar ag an nGaeilge /əu̯ uə̯ əi̯ iə̯/.
Úsáidtear na diaicriticí chun fuaim a athrú. Is féidir iad a chur os coinn, thíos, roimh, nó i ndiaidh litir, ag breathnú ar an gcineál. Seo roinnt diaicriticí le samplaí:
Diaicritic | Saghas | Sampla | |
---|---|---|---|
◌̩ | l̩ n̩ | Siollach | Béarla: bottle [bɔtl̩], film [fɪlm̩] |
◌̯ | ɪ̯ ʊ̯ | Neamhshiollach | Béarla: out [aʊ̯t]
Gaeilge: saghas [sˠəi̯sˠ] |
◌ʰ | tʰ | Análú | Béarla: time [tʰaɪ̯m]
Gaeilge: cainéal [ˈkʰa.nʲeːl̪ˠ] |
◌̚ | p̚ | Gan scaoileadh inchloiste | Béarla: doctor [dɒk̚təɹ] |
◌̥ | n̥ d̥ | Neamhghlórach | Breatnais: fy nhad [və n̥aːd] |
◌̪ | t̪ d̪ | Déadach | Gaeilge: déan [d̪ʲeːn̪ˠ]
Spáinnis: tiempo [ˈt̪jem.po] |
◌̺ | t̺ d̺ | Déanta le barr na teanga | Bascais: euskara [e̞u̯s̺ˈka.ɾa] |
◌̻ | t̻ d̻ | Déanta le bos na teanga | Bascais: zeru [s̻e̞.ɾu] |
◌̈ | ë | Láraithe | Catalóinis: sac [
Gearmáinis: Katze [ˈkʰät͡sə] |
◌̞ | e̞ β̞ | Íslithe | Catalóinis: abans
Spáinnis: cada [ˈkä.ð̞ä] |
◌̴ ◌ˠ |
ɫ
tˠ dˠ |
Úbhalacháilte | Béarla: full [fʊɫ]
Gaeilge: bó [bˠoː] |
◌ʲ | tʲ dʲ | Carballacháilte | Gaeilge: beo [bʲoː] |
◌ˤ | tˤ aˤ | Faraingáilte | Araibis: طَاء [tˤaːʔ] |
◌̃ | ẽ | Srónaíl | Fraincis: pain [pɛ̃]
Spáinnis: banco [ˈbã̈n.ko̞] |
◌˞ | ɚ a˞ | Rótacht | Béarla (Éire/SAM): nurse [nɝs] |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.