![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/83/Professor_Gerald_M._Edelman.jpg/640px-Professor_Gerald_M._Edelman.jpg&w=640&q=50)
Gerald Maurice Edelman
bitheolaí Meiriceánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bithcheimicí a saolaíodh i Nua-Eabhrac is ea Gerald Maurice Edelman (1 Iúil 1929 – 17 Bealtaine 2014[1]). Rinne sé taighde ceannródaíoch ar mhiaileóma ilchodach is tacar na n-aimínaigéad sna próitéiní ann, struchtúr is comhdhéanamh na n-antasubstaintí atá lárnach i gcosaint na colainne i gcoinne ionfhabhtuithe in ainmhithe veirteabracha, an duine ina measc, agus atáirgeadh DNA plasmaid giosta in vitro.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Iúil 1929 Queens, New York ![]() |
Bás | 17 Bealtaine 2014 84 bliana d'aois La Jolla, California ![]() |
Siocair bháis | Ailse phróstataigh |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Ursinus Perelman School of Medicine at the University of Pennsylvania (en) ![]() Ollscoil Rockefeller ![]() |
Comhairleoir dochtúireachta | Frederick Sanger |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Bitheolaíocht agus imdhíoneolaíocht |
Gairm | bitheolaí, néareolaí, fisiceoir, múinteoir ollscoile, imdhíoneolaí, eolaí néarchórais, ceimiceoir ![]() |
Fostóir | Ollscoil Rockefeller ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Mac léinn dochtúireachta | Olaf Sporns |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() |
Dún
Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1972 le Rodney Porter as an obair ar antasubstaintí.
Cáil air as leabhair a chuir an eolaíocht chun cinn i measc an phobail, ina measc Second Nature: Brain science and human knowledge (An Dara Nádúr: Eolaíocht Inchinne is Eolas Daonna, 2006).[2]