Aigéad dí-ocsairibeanúicléasach
móilín a ionchódaíonn na treoracha géiniteacha a úsáidtear i bhforbairt agus i bhfeidhmiú gach orgánaigh bheo agus go leor víris / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN[1] an móilín ina bhfuil cód géiniteach na n-orgánach le fáil. Orthu siúd tá ainmhithe, plandaí, prótaistigh, aircéaigh agus baictéir.
Tá ADN le fáil i ngach cill san orgánach agus deir le cealla cén próitéiní is cóir dóibh a dhéanamh. einsímí is ea an chuid is mó de na próitéiní seo. Sin é an fáth a dtugann páistí feinitíopaí (tréithe) leo óna dtuismitheoirí, ar nós dhath an chraicinn, na gruaige agus na súl. Tá cuid de ADN gach tuismitheora le fáil i ngach duine.
Thaispeáin James D. Watson agus Francis Crick i 1953 gurb é a bhíonn i ngach móilin den DNA i ngach cill bhitheolaíoch ná dís tointemhóilíní (suas le 2m ar fhad), gach ceann ina shaghas cóipe den cheann eile.[2] Bíonn na tointí seo leagtha amach taobh le chéile mar a bheadh dréimire ann, ach an dréimire casta ina héilics, an déhéilics mar a thugtar uirthi, agus naisc idir fo-aonaid cheimiceacha ar leith ar na tointí, ar a dtugtar bun-núicléitídí, ag feidhmiú mar na rungaí ar an dréimire casta.
Níl ach 4 cinn de na núicléitídí seo sa DNA: na púiríní, adainín (A) is timín (T), agus na pirimidíní, cíotóisín (c) is guainín (G).
Ní féidir ach na naisc A-T is C-G (bunphéirí a thugtar orthu seo) a bheith idir na tointí, agus mar sin, bíonn an dá thointe ina gcóipeanna scáthánacha nó inbhéartaithe dá chéile, an A i gceann amháin os comhair T sa cheann eile, is C i dtointe amháin i gcónaí os comhair G sa tointe eile.
Is é ord na núicléitídí a litríonn na géinte agus a chinneann na treoracha i gcill ar bith chun feidhmeanna na cille a rialú is atáirgeadh na cille a chur chun tosaigh.