From Wikipedia, the free encyclopedia
Saghas néaltrú é Galar Alzheimer, nó Alzheimers mar a thugtar air go minic. Is galar é a tharlaíonn do sheandaoine den chuid is mó, ina meathann an inchinn chun cur isteach ar gach feidhm di.[1] Mura bhfuil togracht ghéiniteach ann (agus is annamh é), Is féidir an baol a throid le saol sláintiúil, tá a fhios againn inniu.
Is dócha go bhfuil an galar seo ar an bhfód ó thús na staire daonna,. Ach ba é Alois Alzheimer a rinne an chéad chur síos air sa bhliain 1906, i mbean darbh ainm Auguste Deter.[2] Ní raibh sí ach 55 bliain d'aois nuair a cailleadh í. Ar dtús níor ghnách an t-ainm "galar Alzheimer" a úsáid ach amháin nuair a bhíodh néaltrú ar dhuine idir 45 agus 65 bliain d'aois.
Is ar sheandaoine is mó a thagann galar Alzheimer. Ach uaireanta tagann an galar ar dhaoine níos óige sna 40idí nó sna caogaidí, má tá togracht ghéiniteach ann go háirithe.
Cuireann néaltrú, Alzheimer san áireamh, isteach ar suas le 17% de dhaoine os cionn 85 bliain d'aois.[3]
Ní fios cad é an rud is bun leis an aicíd, bíodh is gur léirigh eolaithe go bhfuil baint éigin ag próitéin ar leith inchinne leis an scéal.
Tá leideanna ann go mb'fhéidir gur ionfhabhtú mall víreasach, tocsainí comhshaoil (alúmanam, b'fhéidir), galar córasach meitibileachta, nó fachtóirí géiniteacha atá taobh thiar de.
Is féidir fáil réidh leis an mbaol ach saol sláintiúil a chaitheamh spórt, bia folláin, alcól ar bith agus imeachtaí sóisialta.
Ceiliúrtar Lá Domhanda Feasachta ar Ghalar Alzheimer ar an 21 Meán Fómhair gach bliain.
Tá an-dóchas ann gur gearr go n-aithneofar an aicíd go luath amach anseo, agus go mbeidh cóir leighis chuí le fáil. I mí Mheán Fómhair 2022, d’eisigh EISAI (Comhlacht Cógaisíochta Seapánach) agus Biogen preasráiteas go raibh dea-thorthaí á bhfáil acu ar thrialacha ; chuir an antasubstaint Lecanemab moill mheasartha ar dhul chun cinn an ghalair Alzheimer. Díríonn an antasubstaint seo ar phróitéin dhíobhálach san inchinn, an bhéite-phróitéin ailileoiseach.[4]
Is é rud a tharlaíonn de dheasca na haicíde seo: cliseadh cuimhne, mearbhall, éagobhsaíocht mothála, agus de réir a chéile cliseadh na hintleachta. De ghnáth is iad na comharthaí tosaigh ná fadhbanna le cuimhne, mar shampla dearmad a dhéanamh go minic ar eachtraí a tharla le déanaí, ainmneacha agus áiteanna. Seans go mbeidh deacracht ag an duine sna tascanna laethúla.
Bíonn athruithe san fhonn agus sa phearsantacht freisin. I gcéimeanna láir an ghalair, is féidir leis an duine dul ag fanadh, éirí corraithe i dtimpeallachtaí aitheanta.
Sna céimeanna deiridh, ní bheidh an duine in ann nithe a dhéanamh go neamhspleách agus beidh cúram leanúnach de dhíth. Deirtear ansin an bealach is fearr le dul i ngleic leis ná cinntiú gur féidir le daoine fanacht ina dtithe féin.[5] Cinntíonn seo gur féidir leo saol níos iomláine a chaitheamh chomh maith le costas níos lú a bheith ar an Stát.
I gcás galar Alzheimer, ní bhíonn a fhios agat cén tsiocair bháis a bheidh i ndán don othar sa deireadh, ná cén uair. Ach
Galar é Alzheimer a scriosann an intinn agus ní féidir le hintinn scriosta an cholainn a chosaint. Tá ionfhabhtaithe, míchothú de bharr deacrachtaí slogtha, agus tachtadh coitianta ach d’fhéadfadh rud ar bith tarlú do cholainn a bhfuil meath tapaidh ag teacht ar an intinn a stiúrann í.[6]
Faoi láthair, tugtar drugaí do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu chun a gcuid comharthaí a bhainistiú. Ach ní athraíonn aon cheann acu cúrsa an ghalair.[7]
Is galair iad galar Alzheimer - agus na cinn atá gaolta leis - a chuir as do suas nó anuas le 48,000 duine in Éirinn le linn 2015.[5] Ach sa bhliain 2022, measadh go raibh néaltrú ar 64,000 duine in Éirinn agus go méadóidh an líon sin go 150,000 duine faoin mbliain 2045.[4]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.