From Wikipedia, the free encyclopedia
Cumas teacht ar eolas san intinn mar gheall ar eachtraí a tharla san am atá caite is an chuimhne. Sna teoiricí ar an gcuimhne, pléitear cén fáth go ndéantar dearmad (meath nó trasnaíocht le hábhair eile) agus an féidir go bhfuil dhá stór san intinn ina ndéantar dearmad ar rátaí difriúla (cuimhní gearrthéarma is fadtéarma). Déantar iarracht cuimhne eipeasóideach (cuimhne ar eachtraí ar leith a tharla do dhuine) is cuimhne shéimeantach (eolas) a thuiscint, agus conas a idirghníomhaíonn eolas nua atá ag teacht isteach le heolas a bhí ag duine roimh ré, maidir le tuiscint teanga is réiteach fadhbanna (cuimhne oibrithe). I measc na bhfadhbanna praiticiúla, tá iontaofacht cuimhne finné súl, mar is eol go bhfuil sé éasca finné súl a chlaonadh le heolas a fhaigheann sé i ndiaidh na heachtra.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.