Fáil Inis
coileán Lugha Lámhfhada / From Wikipedia, the free encyclopedia
I Miotaseolaíocht na nGael, coileán Lugha Lámhfhada ab ea Fáil Inis. Dochloíte a bhí an cú i mbun cogaidh, rug sé gach ainmhí fiáin ar bhuail sé leis, agus bhí sé ar a chumas uisce reatha a iompú go fíon á fholcadh ann.[1] Ar ceann den dá dhuais déag a d'éiligh Lugh ar an gclann Tuireann (Brían, Iuchar agus Iucharba) mar éiric as marú a athair, Cian.[2] Ba le rí na hIoruadh an cú sula bhfuair mic Tuireann é,[3] agus dúradh mar gheall air "go dtitfeadh gach beithíoch fiáin an domhain […] as a seasamh" agus gur "níos soilsí ná an ghrian ina rotha tintrí."[4][5]
Fíricí Gasta Cineál, Eile ...
Cineál | ainmhí miotasach ![]() |
---|---|
Eile | |
Cuid de | miotaseolaíocht na nGael, Na Scéalta Miotaseolaíochta agus An Fhiannaíocht ![]() |
Úinéir | Lugh ![]() |
Dún